Fé 16 - Oíche stairiúil ab ea Dé hAoine seo caite don fhoireann fé 16 nuair a thugadar an bua leo in aghaidh Lios Tuathail agus Pláta Iarthar na Mumhan ag an gClub don ceathrú blian as a chéile. 3-0 a bhí ar chlár na scór ar deireadh ach ní léiríonn sé in aon chorr an iarracht, drámaíocht agus dúil a léirigh an dá fhoireann sa chluiche. Ba í an chosaint iontach a bhuaigh an cluiche le iarracht mhillteanach ón gCaptaen, Seán Ó Lúing, Dónal Hannafin agus Cian Cuffe. Bhí an mhír sheasta thar barr agus Jamie Granville, Max Kenendy, Patrick Martin agus Jeaic Ó Cinnéide Pender i gceannas san aer agus sa chlibirt. Ba tríd an mhír sheasta a tógadh an bua, le cic iontach ó Nathan Ó Flanúra ag cur brú mór ar lán chúlaí Lios Tuathail. Chuaigh an laithróid chun cinn agus tar éis brú iontach sa chlibirt tháinig an cic píonóis buacach a chuir Cian Cuffe idir na postaí go foirfe. Bhí cúpla deis ag Lios Tuathail an cluiche a bhuachaint, ach tré chosaint iontach, go háirithe ó Feargal Ó Caunaigh, Peter Paul Sauerland agus Shane Ó Conchúir, coimeadadh amuig iad, agus ghlac an Captaen, Seán Ó Lúing leis an gcupa, don tarna blian as a chéile.
Fé 14 - Faraor níor éirigh leis an bhfoireann fé 14 an bheart a dhéanamh ina gcluiche siúd Dé hAoine seo caite, aineoinn imirt iontach, go háirithe ó Sheán Breanndán Ó Beaglaoich agus Darragh Mac Gearailt. Bhain Seán Breanndán úd slánaith amach rud a chuir Corca Dhuibhne chun cinn a 7-5 ach sa nóiméad deireannach bhris Lios Tuathail tríd sa chúinne agus sciobadar an cluiche leo aineoinn iarrachtaí olmhóra na lads.
Fé 15 - D’fháiltigh RCD roimh fhoireann Chinner RFC ó Shasana a bhí ar chamchuairt ar an nDomhnach seo caite. Chuireadar taipeántas breá Rugbaí ar fáil ach b’iad foireann Shasana, a bhí cuid mhaith níos sinne ná ár gcuid imreoirí, a thug an lá leo, 25-14. Fuair Darragh Mac Gearailt agus Nathan Ó Flanúra úd an duine agus shlánaigh Ó Flanúra an dá cheann acu.
Nuacht eile - Toisc an éileamh ollmhór atá ar thicéid do chluiche ceathrú ceannais an Hcup Mumhan V Toulouse, beidh deis ag baill (cláraithe agus díolta in iomláine) a bheith páirteach i dtarrac dos na ticéid. Bígí ag faire amach do chártaí ‘tomhais an scór’ don dá chluiche deireannach sna 6 Náisiún – níor thomhais éinne an scór ceart go fóill. Tá réimse iomlán earraí tacaíocht RCD ar fáil anois sa Mountain Man – geansaithe, brístí geara, stocaí, liathróidí rugbaí, carabhait, T-Léinte, málaí agus earraí beaga eile – dheanaidís ana bhronntanais do dhaoine sa bhaile agus thar lear.
066-915 0530 ||