phone-white-web 066-915 0530 || email-white-web info@westkerrylive.ie

Advertise with WKL

WELCOME TO WEST & MID KERRY LIVE

THE ESSENTIAL NEWS AND EVENT GUIDE FOR THE DINGLE PENINSULA.

Warning

JUser: :_load: Unable to load user with ID: 63

PCD Pitch Fundraising Drive - Calling All Past Pupils Bailithe Airgid Phobalscoil Chorca Dhuibhne /

Written by 

Tá feachtas bailithe airgid ar bun ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne faoi láthair chun forbairt a dhéanamh ar an bpáirc peile agus ar an raon reatha nua sa scoil.  Cosnóidh an fhorbairt seo go léir suas le €300,000. Go dtí seo, tá roinnt airgid bailithe trí scéim na Real Rewards in ollmhargadh Uí Ghairbhí, Mionmharatón na mBan agus an Seó Faisin a d’eagraigh scoláirí na hidirbhliana i rith na bliana.  Cuireadh an t-airgead go léir a bailíodh leis an airgead a bhronn na Bráithre Críostaí ar an scoil nuair a osclaíodh í sa bhliain 2007.
É sin ráite, ní mór don scoil €100,000 den €300,000 a bhailiú chun roinnt oibre atá fós le déanamh ar an tionscadal a chur i gcrích.  Chuige seo tá an Phobalscoil ag iarraidh ar phobal na leithinise, agus ar iarscoláirí na pobalscoile maraon leo siúd a d’fhreastal ar Mheánscoil na Bráithre agus ar Mheánscoil na Toirbhirte leis na  blianta anuas tacú leis an bhfeachtas seo.

 

Beidh ainmneacha na ndaoine sin a thugann síntiús de €250 euro nó níos mó á gcur in airde sa scoil agus é le feiscint ag cách gur thugadar tacaíocht d’fhorbairt na páirce peile agus don raon reatha.
Chomh maith leis sin, má chuireann tú d’uimhir cánach isteach leis an síntiús beidh an scoil i dteideal airgead a fháil ar ais ó na Coimisinéirí Ioncaim.
Mar sin, más rud é go bhfuairis do chuid oideachais sa Daingean agus gur mhaith leat tacú lenár bhfeachtas, seol ríomhphost go dtí
This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. le haghaidh tuilleadh eolais. 

 

Pobalscoil Corca Dhuibhne is putting out the call to all past pupils from the area to help in the fundraising drive for  the development of the  Football Pitch/ Athletic Field at the school.
To date money for the project has been generated through a number of avenues, with Garvey’s SuperValu using it’s loyalty card scheme to donate to the fund, the women’s Mini Marathon, the school’s Fashion Show and other events also raised vital funding. All of this was added to money the Christian Brothers donated to the new school when it was opened in 2007.
About €100,000 of the €300,000 needed for the work still remains to be raised and the school is looking to all past pupils of the Pobalscoil as well as the old CBS and Convent before it, to help in it’s final drive to complete the project. 
Anyone who donates €250 or more will have their name put up in the school as an official sponsor of the park. Also, if a tax number is provided with the donation the school will also receive money from the revenue commissioners (as it is officially a charity).
So if you received your education in Dingle and would like to give a little something back you can help support project by emailing This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. for details.

Read 16278 times Last modified on Wednesday, 04 September 2013 09:47

Add your Classified Ad

Accommodation or Business