Ainm eile ná Oíche na dTrí Rí, ag teacht go Beithil agus lá agus tráthnóna ina dhiaidh sin iad ag filleadh abhaile. As san a thagann na Trí Coinnle sa bhfuinneoig mar chomhartha ómóis dos na Trí Rite agus do mhac Dé. Gan dabht is Oíche Lae Coille, Oíche na Coda Móire chomh maith. Sa chás seo buaileann ceann an tí, bullóg aráin ar an ndoras iata trí uaire agus fógraíonn, ‘An Gorta is a Gála’ go dtí ait nó ball éigin. Fógraítí tamall é ‘go dtí Tír na dTurcach’. Dúirt féin i mbliana, ‘go tír gan duine ná ainmhí beo ann anocht agus bliain ó anocht, in ainm an athar agus an Mhic agus an Sprid Naomh Amen’. Baineann an fógraí greim as an mbollóig tréis dó é féin a choisreac.
Bhí scata ócáidí mar is gnáth le linn na Féile. Bhí freastal maith ar na hócáidi ach ní raibh oiread daoine tagtha ón dtaobh amuigh i mbliana. Dá aineóinn sin bhí an Nollaig suaimhneach sásta go maith ag an mhuintir seo againne. De bharr gaoithe agus spreacbhraonach báistí is beag ‘Dreoilín Óg’ a bhí ag glacadh páirt, ach an chuid a bhí ar thóir an dreóilín bhíodar go diail. Bhí grúpa beag óg a chuir an doras isteach dóibh chugam- bhí ceol, amhráin agus dánta acu. B’fhiu iad a scaoileadh amach. Bhí na Dreoilíní Móra sa Daingean agus iad lán do cheol. Ní raibh oiread á leanúint ar a gcamachuaird timpeall an bhaile de bhárr na droch aimsire.
Bhí slua mór sa Daingean ‘Oíche lae Coille’ le lán a súl agus súp a bhaint as na ‘Tínte ealaíonn’ agus an spraoi agus an spleodar a bhaineann leis an ócáid. Cruiníonn na sluaite ar an nDroichead Beag ag Mean Oíche tráth go ndeintear fáilte oifigúil a chur roimh an mBliain Nua.
N’fheadar ar fograíoch ‘iasma ort’ Lá Coille, rud a bhí an- choitianta tráth, ach maireann an nós fós. An duine ar a bhfógraítear iarsma beidh air sin bronntanas, pé beag mór é a thabhart don iarsmanaí. Gan dabht is mó san duine a bheartaigh éirí as dheoch, toitiní milseain etc pé fada nó gearra a mhairfigh a mianta. Is gnáthach go mbíonn an toil macánta, ach cuireann an dúil do dhroim seoil scata dos dhea bheartais staonairí lá cinn bliana
Ar na hócaídí eile bhí ‘Oíche Mhór Amhránaíochta’, i dTigh Ui Mhurchú ar an mBuailtín eagraithe ag Máire Ní Chinnéide. Bhí ard oíche ann.
Bronnadh boinn ar shár ógánaigh fhoirne caide na Gaeltachta. ‘Sé Tomás Breatnach a bhronn na boinn ortha. Meastar go mbeidh Tomás ag imirt do shinsir Chiarraí i mbliana rud a bhí sarar chaith sé tréimhse ag imirt caid Astrálach thall.
Gradaim
Bhí oíche bronnta na ngradam i dTábhairne Uí Chatháin mar a mbonnadh gradaim ortha siúd bhí gníomhach i saol an phobail go heacnamaíoch, soisialta agus cultúra. Siad an Chraobh áitiuil do Chonradh na Gaeilge a eagraíonn an ócáid. Seosaimh Ó Conchúir agus Páidí ‘Mhárthain’ a bhonn na gradaim. Siad na laochra ná Feargal Mac Amhlaoidh, ceoltóir tofa agus fear a sheasann don gceart coitianta: an triúr mionúr ó fhoireann na nGaeltachta a bhuaidh Craobh Mionúr uile Éireann i mbliana, Rob Ó Sé, Brian Ó Beaglaoi agus Tomás Ó Sé: gaisciaigh eile a bhí sa chlibirt ná Boscó Ó Conchúir,fear caoin éifeachtach i saol na drámaíochta, Ben Ó Loinsigh amhránaí binn suairc geanúil, Darióna Ní Chinnéide, file cumasach, Sláine Ní Chathalláin, cailín ildánach, aisteoir, craoltóír agus amhránaí binn. Máire Uí Ghearailt, gníomhaí pobail agus cúiseanna carthannachta, Brenda Ni Shúilleabháin, scríobhnóir, údar agus léiritheoir scannán [ ná raibh ar a chumas bheith i láthair] Noel Ó Maoileóin, aisteóir agus chumadóir, Nuala Uí Ghearailt, amhránaí agus bean pobail, Seoirse Ó Luasa, Gael dílis go bhfuil an Siopa iontach leabhar, ‘An Caifé Liteartha’, aige sa Daingean, Dónal mac ‘n tSíthigh, scéalaí, file, scríobhnóir, taiscéalaí, agus Liam Ó Néill an t-ealaíontóir mór le rá, a dhein dhein comóradh i dtigh an tSaersaigh ar a 60 bliain ar shaol na bpeacach ar an Satharn seo caite Gach ádh ort a Liaim.
Bhí Coirm Cheoil taithneamhach i Halla na Feothanaí le airgead a chnósacht do chumann Uinseann de Pól. Is óganaigh is mó a bhí ar a dtriail agus bhíodar ar fheabhas ar fad. Bhí cúpla laoch ná fuil chomh hóg ann a bhí gan cháim. Go deimhin dhuit bhí daoine an- thógtha leis an gcur i láthair.
Gúim bliain fé rath agus dea-shláinte oraibh agus saor ó mhí-adh, inniu agus bliain ó inniu.
066-915 0530 ||