Thosnaíos ag cuimhneamh faoin teagmháil dhaonna, an chumarsáid idir daoine. Measaim ná fuil cumarsáid cheart ar siúl san lá atá inniu ann. Tá an anam imithe ó chaidrimh dhaonna. D'fhéadfadh duine a bheith marbh in arasán a haon ar feadh seachtaine agus fós gan clú a bheith ag na comharsana béal dorais in uimhir a dó.
Oíche amhán bhí mé féin agus chara ag plé an topaic céanna. Níos luaithe sheol me teachtaireacht facebook chuchi, ag deimhniú na socruithe don oíche san. D’aimsigh mé téacs ar ais, tamall maith ina dhiaidh san. Bhí sé soiléir ón dtéacs nár fuair sí an teachtaireacht a chur mé. Nuair a bhuail mé léi dúirt sí nach ndéanann sí seiceáil ar a chúntas facebook riamh, ach whats app an tslí is fearr chun teacht uirthi. Fós i measc na: snapchats, instagrams, facebooks, tweets, téacsanna, whats apps, hangouts agus vibers ar fad níor tharla cumarsáid ceart. Táimid trína chéile ag an dteicneolaíocht ar fad. In ionad cúrsaí a shimpliú, tá siad níos casta. In ionad sinn a thabhairt le chéile táimid níos aonarach ná mar a bhí riamh.
Níos mó ná caoga fán gcéad de chumarsáid, déantar leis an gcorp é. Ag an dtosach nuair a bhíonn aithne á cur ag beirt ar a chéile, san aois sofaisticiúil seo, is tríd mheán an téacs a dhéantar é. Is cuma más cairdeas nó caidrimh rómánsúil atá i gceist. Le téacs is féidir le hualach mór míthuisceana agus cur i gcéill dul ar aghaidh. Is comhartha é de ghalar atá tar éis scaipeadh tríd an sochaí ar fad. Tá leisciúlacht ag sleamhnú isteach. Tá leisce ann anois féachaint, labhairt agus idirghníomhú go fisiciúil le daoine eile.
Ráiméis a screadann criticeoirí, ach ní gá ach féachaint ar an bhfeiniméan nua eile atá againn anois. Is córas é seo chun leannáin a aimsiú: táim ag tagairt do na suímh idirlín seo atá dírithe isteach ar an gcleas singil: www.match.com, www.maybefriends.com nó www.anotherfriend.com. Níl sna suímh seo ach bréagacht agus briseadh croí. Seafóid atá ann. Is comhartha é go bhfuil teagmháil cheart á séanadh againn i gcomhair chorás níos fuaire, níos leisciúla agus níos neamhéifeachtúla ná riamh. In ionad mothucháin anois úsáidtear greamáin difriúla ina n-áit – áthas, brón agus mar sin do. Cén fáth a rachfá chun cainte le duine nuair is féidir leat do chuid mothúcháin a nochtadh i scríbhinn ar scáileán sleamhain an i-pad? Tá gach duine ag maireachtaint ina domhan beag féin agus an domhan ag teacht chuchu trí scaileán a ghúthán cliste, taibléid nó ríomhaire ghlúine. Go sábhála Mac Dé sin táimid imithe ó smacht ar fad nuair a sheasann L.O.L. do gháire!
Mar a deirtear as Béarla, “no man is an island” agus mar sin a bhí cúrsaí ar oileán an Bhlascaoid fadó. Bhí gearrghá le cairdeas ceart ar an oileán. Bhí sé riachtanach réiteach go maith le daoine agus imeacht ag caint agus comhrá led chomhairsain go minic. Ní raibh snapchat ag Peig, Tomás, Muiris agus a huile nach iad. Ní raibh sé ag teastáil. Is i bhfad ó maybefriends.com a bhíodar comh maith. Ó thaobh grá an t-aon chóras a bhí uathu fadó ná an cleamhnas. Ar a laghad ansan socraíodh gach rud go héifeachtach, go tapaidh agus go soiléir. Cé go raibh cúrsaí saibhris tábhachtach, bhí teagmháil dhaonna fírinneach ann leis. Ar scáth a chéile a mhair na daoine. Ní raibh an dara rogha ann.
Anois tá gach duine ag maireachtaint ar a oileán fein. Chuas go dtí an t-arasán béal dorais liom lá amháin i gcomhair iasacht braon bainne, d'fhéachadar orm amhail is go raibh an ceann caillte agam ar fad! Tá comhlachtaí ag teacht amach le giuirléidí teicneolaíochta nua gach lá chun sinn a aonrú níos mó. Tá sé fíorshoiléir cad atá ag tarlú: níl an spás, an t-am ná an fuinneamh ag daoine i saol an lae inniu i gcomhair fíormhothúcháin. Cuireann sé teideal albam luath de chuid an ghrúpa Blur i gcuimhne dom. Le haghaidh Damon Albarn agus a chomhghleacaithe bhí sé chomh simplí le seo: “Modern Life is Rubbish.” Aontaíom leo. Tá an anam tar éis an saol nua-aoiseach agus teagmháil dhaonna a fhágaint.
Ach cad é réiteach na faidhbhe seo, cloisim do cheist, a léitheoir chóir. Bhuel, caifear an daonnacht a chur ar ais sa cine daonna. Is smaoineamh réabhlóideach é ach triail an úll a chur síos! Nílim ag tagairt go píosa toradh anseo. Téir go teach do chara. Déan seiceáil conas ‘tá siad, labhair leo agus féach orthu. Déan é seo go minic. Ná bac leis an ghuthán cliste, braithim gur plean i bhfad níos cliste é seo. Táim dóchasach, a chairde. Tá fós mionlach ann ag iarraidh teagmháil fhírinneach a aimsiú i measc an amadántaíocht agus bréagaireachta ar fad.
066-915 0530 ||