phone-white-web 066-915 0530 || email-white-web info@westkerrylive.ie

Advertise with WKL

WELCOME TO WEST & MID KERRY LIVE

THE ESSENTIAL NEWS AND EVENT GUIDE FOR THE DINGLE PENINSULA.

Ó Mhárthain. - Breandán Mac Gearailt.

Written by 

An Nollaig
Déarfadh daoine go dtagann Nollaig gach dara lá, nó ó Shamhain go Bealtaine.

Is dócha go mbíonn brí i bhfad níos doimhne i gcroíthe scata a mheasann gur í an Nollaig carraig na síochána agus go mbíonn sólás agus fáilte forleathan: go mbíonn daoine ar a suaimhneas. Gur am smaoinimh é ag athracha agus máthracha go bhfuil a gclann i bhfad i gcéin, cuid eile acu a bhíonn ‘ge baile don bféile. Uain í dóibh siúd a scrúdaíonn a gcoinsias agus iad ag iarraidh a dhéanamh amach an bhfuil siad ar chonair an chirt nó an bhfuil siad ag sleamhnú ar leacacha  sleaimhne an leisce nó na coiriúlachta. Cuir iad go léir le chéile agus beidh agat uain na dea- mhéine agus scrúdú coinsiasa. Smaoinigh cé chomh ádhmhar is a tánn tú seachas iad siúd atá sínte ag galair, cogaíocht nó gorta. B’fhearr a bheith ar chonaiir na dea-mhéine ná breall bheith ort, mar a dúirt Fr. Tom fadó leis an bhfear cleachtúil a cheistigh é, ‘cogar a athair n’fheadar an bhfuil aon saol eile? ‘N’fheadar’, arsa an sagart glic, ‘ach bhfearr duit gan dul sa tseans’. Ón ndiagacht go dtí an suaimhneas agus ‘Lá an Dreoilín’, nuair a chroitheann scata an sean- chlúmh dóibh féin iad ag dul ar thóir an Dreoilín agus airgead a chnósach. Is gnáthaí gur do eagraíocht éigint carthannachta a tugtar an t-airgead a bailíotar. Le linn mo óige seo bhíodh ‘Ballnight’ againn ar an airgead. Oíche go mbeadh cuimhne agat uirthi tríd an mbliain amach. Bhíodh ard chleachtadh ann, babhtaí rince, portar agus a thuilleadh pórtair agus leamonade dos na staonaithe. Siar san oiche bheadh leithéidí Dan Brick ag eachtraí ar an saol i Sasana agus ag aithris scéalta grinn agus magaidh. Bhíodh deich oíche snaimthe isteach in aon oíche amháin. Ragairne! Is beag é, ach bhíodh cuid dos ‘na dreolíní, súgach, ach sásta. Ansan scéal eile ‘bea oíche na coda móire ina bhfógraítí, ‘An gorta agus an gála go dtí áiteanna éagsúla, a bhformhór go ‘Tír na dTurcach’. Bheadh iarsmaí á raideadh ins gach tigh, Maidean Lae Coille agus  agus scata daoine i mbun beartais staonadh ó rud éigin- mar  mílseain, pórtar, droch bhéasa, mallachtú, éitheach, gadaíocht agus mór eascainí. Thugadh cuid dos na rúin daingne seo, na cosa leo agus ní théadh cuid eile faid do choise. Le linn na Nollag tá slí ann do dhiagacht, do amaidí don gcleachta agus do thuistí a bhíonn ag smaoineamh ar a gcuid a bhíonn thar lear.  Ach conas a bhí fadó nuair a imíodh mac nó iníon agus mór sheans ann ná fillfeadh siad go brách arís. Sea, is féile an Nollaig ina bhfuil seans ag scata againn féachaint rómhainn agus snap a thabhairt ar a bhfuil imithe tharainn. Fágfam mar sin é ach bíodh Nollaig shólásach shona agat agus athbhliain fé dhea -shlainte agus mór ádh.

Plean.
Ar an Luan seo caite i láthair nua taibhseach pobail i mBaile an Fhirtéaraigh bhuail ionadaithe ós gach paróiste ón gClochán, go Liopóíl go Dún Chaoin le chéile le dul i mbun gnímh, le plean straitéise don nGaolainn a réiteacht don ndúthaigh laistigh do dhá bhliain. Ansan beidh cúig bliana ag an bplean le dul i bhfveidhm ar na pobail agus mura mbíonn feabhas mór ar chúrsaí Gaolainne ní bheidh aon aitheantas Gaeltachta as san amach ag na pobail ná fuil aon iarracht le feiscint ionnta  tréis an tsaothair. Sin  é an t-am go mbeidh  an baol go dtitfidh port na habhann de thoradh neamh aird nó leisce. I ndáiríre is fén bpobal féin atá anois agus is mó duine a deir go bhfuil an Ghaolainn ag  breis agus 95% don ndaonra sa liomatáiste ach cos a chur aisti.  Níor chaill fear ná bean an mhisnigh riamh é. Beidh cruinniú acu arís  i lár mí Eanair agus ansan beithfear ag plé cúrsaí le eagraíochtaí ins gach paróiste. Neosfaigh  an aimsir an bhfuil fonn ar dhaoine a dteanga féin a labhairt maraon le teangacha eile nó an dtabharfar dramláimhe d’ár ndúchas agus gach as a bhfáisceadh sinn. Bíodh misneach againn.  ‘Sé Údarás na Gaeltachta atá i mbun comhoirdniú a dhéanamh ar an obair. Bhí triúr ón eagraíocht i láthair. Mhínigh Éamon Ó Neachtain, Bainisteoir Réigiún na Mumhan don Údarás cad atá i gceist agus labhair Rachel Ní Riada ar an gcur chuige a bheadh ag teastáil. Bhí Sláine Ní Chathalláin mar áisitheóir. Bhí daoine ag rá go raibh ré na cininúna ar an dtáirsigh agus gur fés na daoine féin a bheadh bás nó beatha a bheith ag an dteanga sa cheantar.

Gradaim
Is diail an rud é  gradam a fháil ód mhuintir féin. Is minic a deirtear na faigheann ‘maith’ an ‘ceart’ ‘ge baile agus go mbíonn air dul thar paróiste amach. ‘Sé Craobh Dhuiuhneach do Chonradh na Gaolainne a eagraíonn an ócáid go bliantúil. Sa chás seo na ngradam, bíonn gach sort réimse i gceist mar údair, lucht pinn, lucht ceoil, filí, lucht lúith chleasa, lucht ealaíona díograsóirí  a oibríonn gan aitheantas le feabhas a chur ar shaol an duine aosta aonarach, nó dhuine a bhíonn thíos le galair an tsaoil. Is beag tómhas a deintear ar an maitheas agus an dea-mhéin atá i bhfurmhór ár  bpobail. Dar le Paidí ‘Mhárthain’ an fear seoidh agus amharánaí bínn, is oíche dár saol é oíche bronnta na ngradam agus is deas aitheantas a thabhairt do dhaoine a fágtar go minic ar leataoibh. ‘’Sé atá i gceist againn go gcuirfeadh aitheantais nó gadaim mar seo le misneach dhaoine go mbíonn moladh tuilte acu, ach a mheasann go minic gur cuma le aon duine fútha’, arsa Seosaimh Ó Conchúir. Mo ghraidhn croí sibh.

Read 843 times

Add your Classified Ad

Accommodation or Business