Is mór an gaisce atá déanta ag Louis Ó Maolchatha le dorn blianta in eagrú na féile seo. I mbliana bhí cheithre lá gafa leis an bhféile. Ní rabhas ag gach ócáid ach bhíos ag a bhfurmhór. Bhí seisiún deas taithneamhach ar an nDéardaoin i Lab Áine mar a raibh Muireann ‘Binn’ Nic Amhlaoibh agus an t-Albanach groí cleachtúil Griogóir Labhraidh. Chonac scannán brea Eanna de Buis, ‘Ag Lorg Shomhairle’ agus seoaladh leabhar taithneamhach an tSeachaic fé dhó. Thug Boscó ó Conchúir léacht dheas ar an bhfile Mícheál Ruiséal. Thagair sé do dhánta Mhichíl fé chúrsaí caide agus siad a bhí greanúr. Labhair mar a fuair a mhac bás i gCarraig an chabhaltaigh nuair a sháifh saighdiúir Sasana le bayonet é. Labhair sé fén ndán ‘Chapall na bPílears’ a fuadaíoch agus a bhí i bhfolach ar Thúr an Bhaile Uachtaraigh. Nuair a tháinig an tóir ortha siúd a bhí i bhfeidhil an chapaill, scaoileadh an chéad ‘Shergar’ le faill.
Ní rabhas ábalta bheith ag oíche caidrimh ceoil agus amhrán Bhrenda Ní Shúilleabháin, ach bhí cuma na sástachta ortha siúd a bhí i láthair. Ar an Aoine bhí dhá Cheardlann filíochta ceann as Gaolainn fé stiúír an tsár Fhile Nuala Ní Dhómhaill agus an ceann eile, dhá theangach, bhí Mac Dara Woods agus Paddy Bushe ag stiúrú, beirt go bhfuil a ndríntiúirí gan cháim acu. Thug scata deas siúlóíd starúil leis an bhfear ildánach Danny Mac ‘n tSíthigh agus d’fhanasa mar chuid don dream leisciúil le rang Gaeidhlige a thug Mháirin Nic Fhionghuin. Bhí sí go diail ar fad. An oíche sin bhí seisiún brea fada filíochta ann mar a raibh cead ag aon duine go raibh faic cumtha aige an t-árdan a thabhhairt air féin, rud a dein scata pé acu on gceantar, nó ó Chorcaigh, Mhaigh Eó, Luimneach, Bleá Cliath, Albain, Béal Ferirste nó Tiobrad Árainn. Bhí tús ag an filí aitheanta mar, Eileán Ní Chuilleanáin, Aongus Mac Niocail, Bríd Ni Mhóráin, Caití Bheildiún, Simon ó Faoláin, Macdara Woods agus bhí an draoi Louis Ó Maolchatha ag féachain i ndiaidh chách. Bhuail cúraimí eile mé ar an nDomhnach mar a raibh críoch á chur leis an bhféile sa Díseart fé Fhir Tí, Breandán ó Beaglaoich agus John Kennedy. Tá súil againn go mbeidh an fhéile againn arís agus go bhfúil an ceart ag Paddy Bushe a chuir in úíl go ndúirt Louis go raibh gá le duine eile leis an bFhéile a eagrú agus a stiúrú, ‘ach deireann sé í sin gach bliain’, arsa Paddy agus tagann sé i gcabhair orainn coitianta’. Dia leis agus leo.
Caid
Tá sinsir caide na Gaeltachta i gCraobh caide Corca Dhuibhne mar go mbuadar ar Abhainn na Scáil sa chluiche Leath Ceannais, 1-11 V 0- 9 i bPáirc Bhearóid, i Lios Poil ar an Satharn seo caite. Siad An Daingean nó an Chaislean a bheidh leo sa chraobh. Beidh an dá fhoireann sin á fheachaint le chéile ar an Satharn seo chughainn. Beidh buatóír an chluiche sin in aghaidh na Gaeltachta sa chraobh chluiche.
Coiníní
Tá scata coiníní agus beagán maith giorraithe feicithe agam le cúpla seachtain. Tá madraí rua timpeal ach nílid chomh iomadúil. De ghnáth i dtosach an Aibreáin a bhíónn coileáin ag na madrai rua, ach de thoradh an dea-aimsir i mbliana bhí go leor acu ná raibh ag breith cearca,lachain nó géanna leo. Ghlanadar beagán.
An Chuach
Ar thuras dúlra an lá cheanna chonaic Jill Crosher, éan-eólaí aitheanta, an chuach. ‘Bhí beirt eile liom’, ar sí. ‘Nuair a thugamair an bóthar ó Dhún Chaoin suas an Clasach orainn féin ‘sea a chonac agus an bheirt eile a bhí liom, an chuach.’ Ní fheachathas aon chuach riamh i gCiarraí ag am seo don mbliain, ach chonacthas ceann céad bliain ó shoin Samhain 1914 in Éirinn agus ceann Samhain i 1876. Tá Jill lán do áthas.
Ach ní shin an t-aon iontas mar go bhfeaca sí agus a cáirde Siuf-seaf [Chiff Chaff] a thaithníonn Sibéir na Rúise. San idirlinn tá daoine áirithe ag smaoineamh ar an seanchas a deir,
‘Nuair a labharfaidh an chuach ar chrann gan duille tá deire an tsaoil chugat’. ‘Sé a deir Fáistine Mhic Amhlaoidh ina dhán fada ón naoiú aois déag :
’Nuair labharfaidh an chuach ar chrann gan duille,
Díol do bhó agus ceannaigh arbhar’. Deir sé scata eile cuid dó a scaoifeam chugat as seo go Nollaig.
066-915 0530 ||