Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. lé déanaí chuir an Bainisteoir Gearóid Ó Brosnacháin in úil go mbeadh a gcéad chruinniú eile ag an gcoiste san láthair nua in aice leis an mBuailtín. Chuir cathaoirleach an Chomharchumainn Tomás Mac Gearailt in úil gur tionscamh an- thábhtach é seo don gceantar ar fad. ‘Tá’, a dúirt sé ‘an Comharchumann an- shásta leis an maoiniú €1.75 m. atá fachta acu ó Roinn na Gaeltachta don bhforbairt agus do Údarás na Gaeltachta go bhfuil €1.2 m. curtha ar fáil acu’. Cosnóidh an obair €3.4m. le leath mhilliún euro ón gComharchumann. Tá achar do 1,600 M Cr. sa bhfoirgneamh nua.
Tá comaoin nách beag curtha ag an gComharchumann ar an gceantar ó bunaíodh é sa bhliain 1967’ arsa Tomás Mac Gearailt, ‘agus seo forbairt go raibh súil anairde lei, le tamall maith. Molaimíd gach duine a bhí páirteach sa tionscnamh seo’.
San áireamh sa bhforbairt nua beidh Oifigí nua an Chomharchumainn, aonad tacaíochta teaghlaigh, áiseanna nua don naíonra, ionad cúraim leanaí,maraon le aonad fiontraíochta do Údarás na Gaeltachta.Tá Clós Spraoi do leanaí a fhorbairt le cúnamh ó scéim ‘Leader’ atá á bhainistiú ag NEKD.
‘Creidimíd go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le áiseanna nua-aimseartha mar seo a chur ar fáil le go mbeadh, mar shampla, ar ár gcumas an tStraitéis Fiche Bliain don nGaeilge a chur i gcrích,’ arsa Gearóíd Ó Brosnacháin.
Tá an Comharchumann ag treabhadh leis coitianta agus lámhdachas do €3.m sa bhliain acu. Íoctar pá le 220 duine sa bhliain, nó 47 post comhionann lánaimseartha. Dar le Gearóid agus Tomás go bhféadfadh tionchar eacnamaíoch do suas le €6.9m. bheith ar an gceantar aige.
‘Tá an bád sa chuan agus tá sí ag teacht chun céibhe an tseachtain seo chugainn, arsa Máire Ní Shíthigh ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne, ‘agus beidh na múrtha fáilte roimpi, ar sí’. ‘’Nach breá an rud dea-scéala a clos,’ arsa Seosaimh Ó Conchúir, ball coiste agus fear Cearta Sibhialta. Is árdú croí dúinn go léir an fhorbairt seo agus guímíd gach rath agus séan ar an obair’, arsa an Sagart Paróiste an tAth. Eoin ó Cadhla. Beidh fearaistí agus foireann an Chomharchumainn ag aistriú isteach sa bhfoirgneamh nua ar an Luan seo chugainn an 3ú Samhain.
Caid.
Bhí an t-ádh le sinsir na Gaeltachta ar an nDomhnach seo caite in aghaidh Lios Póíl i gcluiche ceathrú ceannais Chiarrai Thiar leis an scór 1- 16 v 3-6. Ag leath ama, b’é an scór agus an An Ghaeltacht ag imirt leis an ngaoth ná 0-11 v 2-3. Mheasfá ná raibh aon tionchar mór ag an ngála gaoithe a bhí ann ar an imirt. Buailfidh an Ghaeltacht le Abha na Scáil sa chluiche leath cheannais in aghaidh Abha na Scáil i bPáirc Bhairéad Lios Póil ar an 3ú lá do Shamhain.
Deinimíd comhgháirdeachas lenár gcomharsain an Daingean a bhuaidh craobh ceannais caide míonúr an chontae go rábach ar an nDomhnach seo caite in aghaidh Chrócaigh Chill Áirne.
Beidh An Ghaeltacht ag imirt i gCraobh an chontae fé 21 bliain in aghaidh na gCrócach i Stáid an Ghearaltaigh ar a 1 a chlog ar an nDomhnach seo chugainn. Bí ann.
Uachtar
Bhí an- oíche ceoil, amhrán agus caidrimh ag Muintir Mhurchú an Uachtair Reóite agus a gcáirde oíche dé Sathairn seo caite. Bhí Finbarr agus a chéile Sofia ag ceiliúradh 50 bliain a bpósta. Chaith Finbarr 37 bliain i Meiriceá ag plé le comhlacht rathúil a bhí ag táirgiú cóghais leighis sarar thug sé agus a cheile an Daingean ortha féin. Tás ag an saol cé chomh maith is tá éirithe le Úachtar Reoite mhuintir Mhurchú. Tá siopa anois acu ní amháin sa Daingean, ach i gCill Airne agus i mBleá Cliath. Saolaíodh Finbarr sa Linn Dubh i dTuaisceart Chathair Chorcaí. Ta tábhairne ‘An Gleann’, ann ag muintir Mhurchú. Tá na céadta bonn agus gradam a ghnóthaigh Fánaithe an Ghleanna ar teaspáint sa tábhairne. Is liodán le háireamh a bhfuil do laochra a thuil gradam ar pháirc na h-imeartha don nGleann agus don Linn Dubh ag áireamh an draoi iomána Christy Ring. Is Is brea le Finbarr an iomáineacht. Duine saineolach ‘sea é ar stair na hÉireann agus agus ar chúrsaí an tsaoil i gcoitinne. Saolaíodh Sofia a chéile, i Stuttgart na Gearmáine ach in aois a trí mhí tugadh anonn go Meiriceá í. Ceoltoir aitheanta clasaiceach ‘sea í. Tá cáil ar a hathair críonna Emil Molt[ [1876 - 1936] a chomhbhunaigh an coras oideachais Walford Education. Tá sé seo scaipithe ar fuaid an domhain i scoileanna príomháideacha ag áireamh sa tSín.
066-915 0530 ||