phone-white-web 066-915 0530 || email-white-web info@westkerrylive.ie

Advertise with WKL

WELCOME TO WEST & MID KERRY LIVE

THE ESSENTIAL NEWS AND EVENT GUIDE FOR THE DINGLE PENINSULA.

Ó Mhárthain. - Breandán Mac Gearailt.

Written by 

Bhíos ag taisteal le déanaí. N’fheadar cad a thugann ar dhuine dul ar saoire go ceann dos na tíortha teo seo nuair a bhíonn grian bhrea sa bhaile againn.

Deineadh ár socrú-ne  tamall tréis na Nollag nuair a iarr teaghlach Iodálach an mbabhtáilfimís tithe i dtús Mí Mean Fhómhair. Fonn reatha i maratón an Daingin a bhí ortha.  Aontaíodh agus is dócha gur dheacaur  socrú  aontuithe a bhriseadh. Ba rud gránna é dul siar ar  d’fhocal. Chuamair agus fuaireamair greadadh ón ngrian. Is le Aer Lingus a chuamair soir agus is le Ryanair a thánamair abhaile. Cuireann an focal ‘Ryanair’, san gáirdeas ar scata daoine agus olc ar bheagán eile. Is dócha gur í ceann dos na aerlínte is tábhachtaí í, a bhí bainteach le costais eitiltí a laghdú go mór. An bhfuil an tAerlíne seo ag éirí níos grámhar nó níos tuiscionaí ar cad go díreach a theastaíomm an bpobal aer –thaistil? Pé ní é is é an fear gaile agus gaisce Michael O’Leary a dhein fathach as Aerlíne suarach. Léiríonn na figiúirí is déanaí an mhór fhorbairt atá déanta ag Ó Laoire agus an aerlíne. I mí Iúil na bliana so, d’iompair Ryanaer 9.15 Miliún paisinéir. Sin go díreach an daonra ar fad atá i gCathair Nua Eabhrach. Bhí 53,000 eitilt i gceist. Go deimhin dhuit nuair a bhí an ghaoth ina chúl bhain Michael O’Leary leas as. Is dócha gur leasmáthair a thógfadh san air. Mhaigh sé gur O.O72% a dhein gearán agus 0.O47% a dhein gearan fé bhagáiste. Dar leis gur cuireadh freagra ar gach gearán laistigh do sheacht lá. Bíonn a dúirt sé, leath mhilliún eitilt ag an aerline sa bhliain, agus go mbíonn 93% acu in am. Ní amháin san ach siad an chomhlacht is lú a chuireann eirilti ar ceal. Sea, ansan an gearradh. Dhein sé comparáid leis an haerlint eile ó thaobh a bpointeáltacht ama. Seo mar a bhí ag an gcuid eile:  Easyjet ar 87%, aerlíne Luftansa ar 85% , Air France 83%, BA 83% Aer Lingus 82% agus Iberia  ar 70%.  Rud eile is féidir le duine anois suíochán a chur in áirithe, ach íoc as. Is mór an fhuascailt san do scata go mór mhór tuistí le páistí beaga agus daoine aosta. Dar le scata go  gheall le ‘Ráiseanna Bhéal Bán’ [bhí an- lá acu a deirtear liom] an suathadh a bhíodh ag daoine ag iarraidh a bheith ar bord chomh tapaidh is a fhéadfaidís chun suí le chéile. Sort Aonach an Phoic más maith leat.  Mar a dúirt tá Michael ag foghlaim nó an raibh ghá leis! Tá sé ag tabhairt dúbhshlán do aon airlíne eile bheith chomh maith leis sna ranna atá luaite aige.  Má sea, níor chás dó na suíocháin a bheith tamall níos sia siar ó cheile le fuascailt do dhaoine le cosa fada; agus ba dheas é dá bhféadfadh na heitiltí imeacht in am gan iachall a chur ar na paisinéirí seasamh i scuainí fada tar éis seiceáil na gcártaí bordála, arís tar éis dul síos an staighre, agus arís eile amuigh ar an tarmac an fhaid agus tá na paisinéirí deireannacha ag tuairlint ón eiteallán tar éis teacht i dtír as áit éigin eile.  Deineann Ryanair scéal mór de gur féidir le paisinéirí málaí taistil suas go 10Cilo. a bheith acu saor in aisce agus mála beag láimhe, ach bhí a leithéid seo ceadaithe le fada ag leithéidí Aer Lingus.  Má bhíonn móran breise meachana nó toirt in aon cheann acu agat díolfair go daor as ar Ryanair. Sna blianta rómhainn tá sé meáite ag O’Leary seirbhís domhanda a chur ar fáil. Ní le aon iarracht mhór amháin atá i gceist aige, ach ag forbairt mar a  fhéadann sé.  Chuala ó fhear an lá cheanna agus é á chaitheamh féin síos ar a shuíochán ‘We have arrived in the Dog House’. ‘Yes, arsa fear eile, ‘dogs seek a suitable refuge’. Sin madraíocht agat.

Madraí dána agus Maor cráite.
Sea, scéal a tharraingíonn scéal. Sa bhaile seo san Iodáil, Frankavilla atá 7 mhíle ó  Pescara príomh chathair réigiún Abruzzo, thug Maor an bhaile  a thuairimí fé mhadraí  agus sa tslí ná glanann roinnt bheag úinéirí salachar a gcuid gadhar ó shráideanna an bhaile. Dúirt sé gur cheart triail DNA a dhéanamh ar gach madra atá ag daoine, ansan aon áit go mbeadh salachar madra go bhféadfaí úinéir an madra a aithint. Leisceoirí nó cníopairí dar leis a thugann madraí ag siúl le bheith ag smearadh cosáin cóngair agus sráideanna an cheantair. ‘Ba cheart do gach duine  salachar a ghadhair féin a ghlanadh’ ar sé.. Fear a ghadhair féin, féna eirbeall.  Is mó duine a déarfadh gur c.. scéil é. Rud amháin agus ní magadh é, n’feaca-sa  aon tslachair gadhar in aon áit poiblí ar mo shiúlta ansúd. Ní ionann san ná go mbíonn sé amhlaidh, ach an bhfuil eagla á chur amach ag fear Frankavilla?

Caid
Focal eile fén nDomhnach seo chugainn an bhféadfadh go mbeadh Colm Cooper ag imirt? An mbeadh baol go ngortófaí aríst é, nó an bhfuil sé in ard  a shláinte? Chuala daoine ag gearán sa cheantar seo agus an gumh dearg  ar chuid acu. ‘Tá ‘, arsa fear amháin, fóireann na mionúir agus na sinsir i gceist agus anois deirtear linn ná gheobhaidh an cumann caide anso ach beagán ticéidí’. ‘Deirtear’, ar sé,  ‘go bhfuil an bhainistíocht sa chontae ag cur scata ticéad ar fáil do dhreamanna éagsúla. Tá  seachtar imreoirí ó Chorca Dhuibhne le bheith ag imirt i bPairc an Chrócaigh agus ba chóir go mbeadh lion mór ticéidi ar fáil dos na himreoirí gan dabht agus iar-imreoirí,  ach cad fé an lucht tacaíochta’ an sé? ‘An bhfuil tosach á thabhairt do lucht na gcasóga móra,’ ar sé,’ go mínáireach. 

Tá súil le Dia  againn go mbeidh ard chluichí ann ar an nDomhnach agus go mbeidh lón lae is bliana againn ag moladh ár laochra.

Read 1120 times

Add your Classified Ad

Accommodation or Business