An ndéanfadh Ciarraí an bheart nó an iad fir chalma Mhaigh Eó a bhuafadh. Bhí speach ó in aice leis an dtaobh líne ag Maigh Eó agus an t-am istigh. Bhí an speach go diail ach ní raibh sí fada a dóthain. Cé a éirigh san aer agus a bhuail amach fén bpáirc í le ard chrusta í ná Donoghy. Lean an líonrith san am breise. Má lean bhí faoiseamh agus duairceas nuair a shéid an réiteoir a fheadóg deireannach. Measaim nár thuig cuid acu siúd sa lucht féachana an riail a tugann cead a chinn do dhuine a mbeadh calaois déanta air. Mura n-éireódh leis bheadh caoi aige cic saor a thógaint. Chuir san an conach amach is amach ar chuid don ucht féachana. Bhí sé sean- thuartha ag na nuachtáin áitiúla anso go mbeadh an lá le Maigh Eó. Dá mbeadh, níor mór linn dóibh é. Scéal eile gur léir go bhfuil ‘aiséiri’ curtha i gcrích ag Éamon Mac Muiris leis na buachaillí buachacha seo againne. Gan amhras is ag cuimhneamh a bhí scata Ciarraíoch ar conas a dhéanfaidís an bheart ar Áth Cliath. Mo léir chuir McGuinness na brionglóidí sin ar leataoibh. Anois siad na buachailli crua ó Thír Chonaill a bheidh á fhéachaint le Ciarraí. Níl aon tuairim fós ‘ó thalamh an domhhain’, ag aon duine i gCiarraí conas mar a éireoidh le Ciarraí ina gcoinne. Gach uair ina gcluiche le Bleá Cliath a bhí an chaid i leath na gConallach don bpáirc, bhí idir dheich agus dó dhéag don bfoireann ag cosaint agus ansan nuair a thagadh an chaid chúcha bheadh brat acu ar rith mar giorraithe i dtreo bháide bhuachaillí na hÁrd Chathreach. Chuirfeadh sé mearbhall ortha. Cé gur cheap gach fundúír ag leath ama go mbeadh sé ar a socaireacht ag Bleá Cliath, ní hamhlaidh a bhí. Tugadh ceacht diongbhálta Conallach dóibh. Faid is ná deineann siad an dála céanna linne, nó ná leigtear dóibh san a dhéanamh, beam an- shásta.
Cad é, ach is in aghaidh na gConallach a bheidh na mionúir seo againne chómh maith. Mheasfá go rabhadar go maith in aghaidh Bhleá Cliath. Tá fearaibh mhóra láidre acu. Tá seachtar nó mar sin ó Chorca Dhuibhne ar fhoireann mhionúr Chiarraí. Bail’ó Dhia ortha déanfaidh siad a míle dícheall an chraobh a árdach leo, ach má bhuadhann Dún na nGall beidh sé ar an gcéad cheann riamh acu. Beidh a sinsir ag súil leis an dtriú ceann. Ta foireann an- laidir sciliúil ag na Ciarraíg óga agus measaim go dtógfadh sé ard fhoireann an lá a bhaint dóibh.
San idirlinn bhuaidh foireann idirmheanach na Gaeltachta ar Mhistéalaigh Thrá Lí agus bhuaidh foireann mionúr an Daingin ar an nGaeltacht 1-11 v 1-8. Má bhí beagán don nimh aduaidh sa leoithne a bhi againn le déanaí ní raibh san ag cur as olc na maith do aon Chiarraíoch ach iad ag cur fo- braon allais. Fanfam go cíocrach anois le dhá chraobh caide. Nár dheas é.
Coiría.
Bhuaileas leis an Ath. Pádraig Ó Murchú ón mBaile Loisce le déanaí agus é ar bhriseadh saoire ó Choiría Theas. D’fhriafraíos dó an raibh aon bhogadh ar an gCoiría Thuaidh. Cad é ach go raibh ard cheiliúradh acu agus é raite le pobal ná fuil is baolach aon bhaint acu leis an saol lasmuigh, go mbuaidh An Choiría Thuaidh Craobh Sacair an Domhain. Dúradh go mbuadar ar an bPortaingéil le chúig bháide agus ar thíortha nach maith leo mar na Seapánaigh, An Choiría Theas agus Meiriceá. ‘ Bhi fear in aice liom agus dúirt gur chuala sé ‘rud éigin mar sin’. Is ait é an saol.
Iarraim Cuís
An lá cheana chonac i nuachtán Sasanach go raibh sé in am ceacht a mhúineadh don Rúis as a raibh ar bun acu san Úcráin. Cúpla líne ina dhiaidh sin dúirt sé go gcaithfeadh NATO leanúint ortha agus talamh slán a
dhéanamh do bhallraíocht thíortha san Áis mar Georgia agus cuid do chomharsain na Rúise. Sin neamhfhiúntacht agat. Sea, agus bhí Meiriceá ag cur astu mar go raiibh armáil á chur ar fáil ag an Rúis do Ucránaigh –Rúiseacha in oirthear an hÚcráine. Arís neamhfhiontacht – san am chéana tá siad féin coitianta ag cur gach sort diúracán marbhthach ar fáil dos na hIosraeligh, le ceacht a mhúineadh dos na hArabaigh bhochta atá in eangach na díchéille ag Hamas. Ní chuireann siad faic i gcuimhne dhom ach gaige fir a raghadh le banaí nuair a bheadh deoch air agus é ag tarrac troda do aon duine go mbeadh aon mheas aige ar féin. I bhfada uainn a gcuid gothaí agus táir ghníomhartha. Glac leis nach aingil na Rúísigh, ach oiread leo.
Rud eile is é scéal na Breataine agus Mheiriceá a bhíonn á spalpadh ar na meain anso, gan aon iarracht olc ná maith mheasfá ar an dtaobh eile don scéal a thabhairt. Agus mheasas go rabhamair
N-E-O-D - R – A –C- H.
Saesúr
Sea, tá an- shamhradh curtha dhinn againn rud na raibh againn le tamall do bhlianta. Tá súil againn ar fad ná beidh díoltas dá réir againn ón nGeimhreadh. Beidh Féiltí Bia againn, Comóradh an Bhlascaoid, agus Oireachtas na Gaeilge 7rl ‘Cabhróidh imeachtaí mar seo le duairceas an Gheimhridh a cur ó dhoras. Nil ansan ach sampalí beaga- Agus seans ná beadh an aimsir ró –olc ach oiread. Ach má thagann ‘Sam’ agus a ‘Mhac’ chugainn, ní bhrathfaidh aon daoine droch aimsir go dtí Aibreán na bliana seo chugainn. Buail bas ar do chroí agus abair paidir.
066-915 0530 ||