Agus an samhradh ag sleamnhnú uainn tá na leothainí aduaidh ag cur creath is fuacht ortha sin a bhí ag baint sásamh as an saol agus as an ngréin. Tagann an droch scéal coitianta orainn gan choinne. Chuir bás obann Leachlainn Ó Catháin, buairt agus duairceas ar a mhuintir agus ar na mílte go raibh aithne acu air. Dhá lá sara bhfuair sé bás bhí sé agus a chéile Áine ar thuras i nDún Chaoin mar a raibh tigh acu le blianta maithe. Dlíodóir Gaelach ‘bea Leachtlainn agus bhí i gceannas ar chomhlacht Dlí, W & C Bass atá lonnaithe ar an Meal Theas i gcathair Chorcaí. Chaith sé blianta ar Choiste Gnó Conradh na Gaolaine agus bhí sé ar thosach an tslua ag bunú coiste do dhlíodóirí le Gaolainn. Bhí baint nách beag aige leis an leabhar ‘Fasach’ ina bhfuil léiriú tuisceannach déanta ar na coir chúnga na dlí agus na cearta atá ann duitse agus domsa d’réir Bunreacht na hÉireann. ‘Sé féin agus Leo Ó Se, ó Uíbh Ráthach a chéad bhunaigh cumann le aitheantas a thabhairt don scéalaí clúiteach Seán Ó Conaill. Bhí baint aige le Fundúireacht an Bhlascaoid agus páirteach sna le hiarractaí a bhí ar bun le Teilifís Gaolainne a bheith againn. Lá agus sinn ag cíoradh conas a fhéadfaí brú ó aird eile a chur ar an stát agus RTÉ, ‘sea dúirt sé gur foinse an- láidir b’ea an dlí. Dar leis go bhféadfadh bagairt dlí teas a chur leis an gcúram. ‘Is duine óg a bheadh uait’, ar sé’, ‘a bheadh ábalta a rádh gur í an Ghaolainn a theanga baile agus dúchais, agus ná raibh aon fhriotháilt ag an stát ná RTÉ ar an gceart soláthar ceart cláracha Gaolainne a bheith ar fáil do dhaoine óga. ‘Ó ‘m baiste’, dúrt, ‘gheobfar duine gan aon ró-mhoill. ‘Faigh anois é’, ar sé. Dúras leis go mbeadh mo mhac Conall an- oiriúnach don gcás mar bhí sé san am an- óg. Is beag in aon chor clár Gaolaainne a bhí le clos ó RTÉ Teillfís san am. Sea, thionscnaigh Leachlainn chás Ard Chúirte a thabhairt ar shon bhuachalla óg ‘ná raibh aon fhreastal caoi Gaolainne air ó thaobh na Bunteachta dhó.’ Bhí go maith, ach lá dá raibh Leachlainn istigh in oifigí RTÉ Teilifís, tharraig an ceannaire ansúd chuige an cúram fén bhfear óg ó Chiarraí a bhí ag bagairt cás Ard Chúirte ortha. Ní lig Leachlainn faic air’. ‘Táimíd i sáinn ag an riach cás seo,’ arsa fear RTÉ, ‘ach seans go ndéireóidh sé as’. ‘N’fheadar é’, arsa an Cathánach agus é ag gáirí ina chroi istigh fén bhfear bocht in RTE. Bhí brúnna éagsúla eile ann agus i ndeire na dála tháinig Teilifís Gaolainne ar an saol. Sin éachtaint an- bheag ar Leachlainn Ó Catháin, gaisciach geanúil, ciúin, éifeachtach a bhí coitianta ag smaoineamh ar leas mhuintir na Gaeltachta agus na Gaolainne.
An- dhuine bea Leachlainn, Gael dílis, mórtasach, léannta cleachtúil. Is mó gníomh dearfa go raibh rian a shaothair le braith ann. Gúimíd faoiseamh dá chéile Áine, ar a chlann Ruaraí, Fionnúla, Méadhb agus Colm, ar a ghaolta agus ar a cháirde. Solas siorraí dá anam gan smál. Braithfidh an saol Gaeltachta agus Gaolainne uatha, Leachlainn cneasta, léanta, Ó Catháin.
Inniu agus mé ag léamh Iris liteardha mhíosúil Chonradh na Gaeilge, ‘Feasta’, [eagrán Lúnasa] cad a chonac ann ach alt fén ndlí, an Ghaelainn agus an Bhunreacht ó pheann Leachtlainn. Seo cúpla sleacht beag as an alt. ‘Is treise agus is tábhachtaí fós seasamh na Gaeilge i mBunreacht 1937 ná mar a bhí roimhis sin, ós rud é go bhfuil an Ghaeilge luaite mar ‘phríomh –theanga oifigiúil ‘. Deir sé, ’Tá láncheart agus gach ceart ag an saoránach, Gaeilge a úsáid i ngach gné dá saol féin’, agus ‘ní ceart glacadh lé aon chaint fé mhionteanga, teanga mionlaigh, ná fiú teanga neamhfhorleathan. Níl aon bhaint ag na téarmaí sin le hÉirinnn. Is í an Ghaeilge an teanga dhúchasach agus náisiúnta,’ deir sé. Is fiú an t-alt seo a léamh mar sin buail bas ar do chroí agus ceannaigh ‘Feasta’ agus feicfir chómh maith léirmheas cuimsitheach ag Pól Ruiséal ó Ionad na Gaeilge Labhartha, in Ollscoil Chorcaí, ar an leabhar, ‘The Loneliest Boy in the World’. ‘Sé Gearóid ‘Cheaist’ Ó Catháin, [1947 - ] an buachaill atá i gceist a chaith na chéad sé bliana dá shaol ar an mBlascaod Mór gan aon leanbh eile ar an Oileán san am ach é féin. ‘Sé Gearóid agus Patricia Ahern a réitigh an leabhar agus Collins Press a fhoilsigh.
CLG.
Ard chluiche ar fad a bhí idir Chorcaigh agus Luimneach san iomáint ach nár thit an lug ar an lag ar na Corcaigh in aghaidh Thíobrad Árann. Mheasfá go raibh mallacht éigin tréis iad a bhualadh. Ó, bhí Tiobrad Árann go diail, ach bhí gach mí-ádh ar na Corcaíg. Ard thaispeáinteas a thug mionúir Luimní agus na Gaillimhe ach bhí na Lúimnígh níos críochnúla agus ádhmhar, rud ná raibh a gcáirde sna sinsir. Bhuaidh foireann caide sinsir Baile Mhic Illagóid ar an nGaeltacht le trí phointe i gcluiche sraithe.
Galar fós gan fuascailt
Tá iarsmaí fós don dteanga bhriollach le clos ar Raidío na Gaeltachta agus TG4.Tá cuid mhór sa Ghaillimh ag ‘gearradh siar,’ ‘so’,’uair eile fós’ [ráite arís agus arís eile] – ‘suas na páirce’, agus sa deisceart ‘beirt dheirfiúr’, ‘máthair léi’. Tá na nathanna seo ag éirí an- thógálach.
066-915 0530 ||