‘Tá dhá ’mhíle ‘bale’/beart sadhlis féir déanta agam le seachtain’, arsa conrathóir sadhlais liom an lá cheanna. Ní raibh na meacha riamh chomh cíocrach agus a bhí feirmeoirí agus iad ar a míle dícheall ag iarraidh barra maith a bheith acu i mbliana. Agus tá ag a bhfurmhór. Go méadaí Dia chucha an soineann.
Tá Cumann Feirmeoirí Éireann ag cur a gclipí uatha agus bhíodar i gcongar na Dála an tseachtain seo ag éileamh breis ar a gcuid mairteola. Dréir deallraimh tá ‘builín’ á dhéanamh ar scáth an scológa bochta. Is dócha mura mbeir i lár an aonaigh ná beidh aon éisteacht ar fáil duit.
Réiteóirí.
Le tamall anuas tá an- dhíomá orm agus ní mise amháin ach an saol mór, leis an gcaighdeán réiteoireachta atá le feiscint i gcuid do chluichí caide agus iomána i mbliana. Bhí leath-shobal feirge ar Mhickey Harte, Thír Eoghain ar an nDomhnach eile nuair ná tugadh ach dhá neomat do am breise ag deire an chluiche idir Mhuineacháin agus Tír Eoghain. Bhí an ceart ag Mickey, is baolach. Ní cháinfeadh san go iochtar ifrinn an réiteoir bocht. Aon dhuine a bhí ag féachaint ar an gchluiche bhí crot na maitheasa go soioléir ar bhuachaill Mhuineacháin. Beidh ar Harte agus a chuid, an ‘cuar bhóthar’ a thógaint an babtha seo. Bhí pus agus breidhil ar Davy Fitz. an lá cheanna, ach ní dúirt sé puinn, ach déarfainn go raibh sé an- mhí-shastra ó thalamh, leis an méidh saor phoc a ceadaíoch in aghaidh na gCláiríneach. Ansan bhí an poc saor a neadaigh na gCorcaíg i líontán báide an Chlair, chuir san an conach ar scata mar tuigfí dhuit go raibh an réiteoir ag féachaint conas a bhí iomreoir a bhí ar an dtalamh, nuair a bhuail hÓgánach Chorcaí pléasc ar an sliotar a chroith an líontán. Is rudaí mar seo go scaoiltear leo a chuireann brúchtaíl mhallaithe ar bheola lucht tacaíochta aon fhoirinn. Fágfam san go fóill, ach ná caoch tú féin leis an ‘ping pong’ ar an dteilifís mar a chuala ó fhear searbh an la cheanna.Ní déarfainn go raibh an réiteoir claonta, ach mheas scata a bhí ag féachaint go raibh na Corcaígh chliste ag tabhairt na gcosa leo ó fheadóig an réiteóra. Go deimhin agus go dearfa, bhí an réiteoir ag séideadh ró-mhinic mheasfá. Tabhair scóp a ngéaga dos na hiománaithe. Ach tá sé raithe agam cheanna gur seacht measa réiteoirí seo an tsacair agus bhí san le feiscint go grinn i gcuid dos na cluichí i gcraobh on Domhain an tseachtain seo caite. Déarfadh aon fhiaire feá go raibh sé socair go mbeadh an bhua ag an mBrasaoil sa chéad chluiche, idir iad agus an Chróáit. Na Cróáitigh bhochta, fuaireadar báide ach ní ceadaíoch é. Bhí iarrachtai na mBrasaoileach dreóite go maith. Go deimhin ba chóir gur iad na Cróáitigh a bheadh ag ceiliúradh, ach dá mbeadh is dócha go mbeadh an dream eile úd atá ag léirsiú le tamall níos glóraí. Chuireadh sé púdar leis na léirsithe sráide agus na círéipeanna. Siad Costa Rica na gaiscigh fé láthair agus is mó pusachán atá curtha ar shaol mór an tsacair.
Ní raibh aon fhoireann sa Bhrasaoil againne. Ná fhéadfadh RTE na cluichí a cheannach ón mBBC agus ó Sky, rud a bheadh i bhfad níos saoire seachas slua saineolaithe agus craoltóirí a sheoladh siar ó dheas. Fastaoim. Tá an craiceann á bhaint dúinn ag fiacha, ach níl aon easpa airgid do ocáidí mar seo nuair atá scata slite níos saoire, agus bheadh an pictiúir céanna agat. Agus gan dabht is foireann Shasana is mó atá ag cur tochais ar scata acu siúd in RTE agus scata nach iad. Fágadh Sasana in áit na leathphingine a bhuíochas do Suaraz a measadh go forleathan go raibh a rás rite. Níor chás dóibh do fhoireann Shasana dul abhaile mar ná fuil aon fheidhm leis an gchluiche a bheidh idir iad féin agus Costa Rica. An bhfuil aon ghaiscigh eile sa bhféachaint. Beidh sé deacair an bonn a bhaint on nGearmáin agu tá an Fhrainnc ann chomh maith. Beam ag faire amach san idirlinn do Costa Rica agus a gcáirde.
Muinín
N’fheadar an féidir misneach a chur ar shinsir caide na Gaeltachta. Ta ard imreoirí acu agus más fíor sean-fhundúirí teipeann ar mhisneach cuid dos na himreoirí go minic. Cailleann siad cluichí a cheart dóibh a bheith buaite acu. Easpa muiníne agus easpa dánaíochta a bhuachaill atá á scrios. Tá an mianach ionta agus níl le déanamh acu ach é a scaipeadh ar fuaid na páirce nuair a bhíonn siad ag imirt. Bíodh ‘an diabhal buí’ ag lucht tormais.
Nach breá an rud é aimsir bhreá a bheith againn agus mo leithéidí seo ag caitheamh tharainn mar is dócha go spreagann an teas agus an tsásacht fonn cainte agus gnímh ar gach aon duine. Tá sé ionaibh a fheara agus tarraigí chúgaibh é agus ní bheidh aon treascairt oraibh.
N’fheadar cad deirim le sinsir caide Chiarrraí. Is ar a tharrac ar a bhí a shábháilt acu ar a nDomhach. Ní aon an- mhisneach a chuirfeadh ort ach bhíomair sa bhád céanna blianta eile agus dheimeamair gaisce. Is doigh liom go dtabharfadh do gheall cáirde dhuit a babtha seo.
Scoláirí
Bhíos ar an dtráig cúpla uair agus ambasa go raibh scata dos na scoláirí Samhraidh óga ann agus ar ámharaí an tsaoil, nár chuala cuid acu ag ‘gaeilgeoireacht’. Is mór an t-árdú croí san mar tá an óige seo ag baint luach a gcuid airgid as an gcúrsa rud is dócha ná deintear i scata áiteanna go mion minic.
Is dócha gur cómhartha na dea- mhéine, na scoláirí óga a bheith sa cheantar, an ghrian ag soillsiú go gléineach agus Mná Tí ar a shuaimhneas, mó táid. Is dócha gur mó scéal a eascarann as na cúrsaí seo. Níl aon easpa abhar ann don bpeannaire más maith leis cuntas a thabhairt ar an ‘saol’ a bhíonn ag na scolairí. Baineann a bhfurmhór mhór an- shásamh as na cúrsaí seo agus tugann sé éachtaint dóibh ar shaol na tuaithe agus mar is féidir cleachta agus sproi a bheith agat san am céanna..
Sea, is dócha go bhfuil brat allais ort tréis an méid sin, mar sin stopfadh dom chuid aighnis an tseachtain seo.. Is maith é an brothall.
066-915 0530 ||