Is mó gáire a bhain an tréadlia uiltréitheach Uinseann ó hUallacháin ón nDaingean, a fuair bás ar an 29ú do Bhealtaine, as fheirmeoirí Chorca Dhuibhne agus as dhaoine nach iad Bhí 53 bliain caite ag Uinseann ina thréadlia i gCorca Dhuibhne agus bhí sé lán do cheol gur bhuail stróc é ar an 14ú Márta seo caite. Daoine creidiúnacha bea a mhuintir. Múinteoir b’ea a mháthair Eibhlín agus fear ildánach gnó b’ea a athair Seán. Chuir Seán soláthar aibhléise ar fáil don nDaingean, chuir leacoighir ar fáil do iascairí, bhuail coirce dos na feirmeoirí agus thóg an pictúrlann ‘An Pheonix’. Maraon le scannáin bhí tarrac na mbannaí móra ceoil ar ‘An Phoenix’.
D’fhás Uinseann suas fé anál an eolais agus gnó. Bé an dara duine b’óige do chlann cúigir. B’iad san Seán a bhí ina innealltóir, Peig ina banaltra, Peadar ina bhainisteoir bainc agus Proinsias a bhí ina fhiaclóir. D’fhreastail Uinseann ar bhun-scoil Leataoibh, ar Mhean Scoil `Naomh Sheosaimh’ i Ros Cré agus thuill áit ar chúrsa dhochtúireachta nó tréadliaachta i gCoAC/UCD. Luigh sé leis an dtreádliacht mar mheas sé é sin a bheith níos giorra don nádúir, óir bhí an- shuim aige san abhar. Tréis cáiliú ina thréadlia fuair sé phost aige le athair Barney Eastwood i gContae Thír Eoghain ar feadh dhá bliain. Chaith sé téarma bliana i gCorainn na Breataine. Chaith sé bliain i gCill Rois an Chláir sara bpós sé agus Caitlín sa bhliain 1958. Tréis a bpósta bhí seal dhá bhliain aige mar
Phríomh-thréadlia le gnó tréadliachta in Ostwastry na Breataine Bige. Saolaíodh iníon dóibh Veronica ansúd. Ansan bheartaíodar aistriú ‘on Daingean mar a mbunaigh sé gnó rathúil tréadliachta agus mar a mbronnadh ceathrar eile clainne air féin agus Caitlín, Seán, Brian, Colette agus Lorraine. Caith sé an chuid eile dá shaol ar an bhfód dúchais, go síoch sách seabhrach. Ba bhrea leis garradóireacht agus saol na tuaithe.Thaithn slat iascach agus tógaint phictiúírí leis chomh maith. D’fhás sé a a chuid glasraí féin, bláthanna agus tabac, i.e. ‘Houlihan Mild’. Bhronn an t-iar uachtarán Máire Nic Ghiolla Íosa bonn óir air as 50 bliain a bheith caite aige ina thréadlia. Le Mícheál Ó Súilleabháin, dheineadar scannán deas ar stair an ‘Phoenix’ do Fhéile scannán an Daingin. Bhí éirim agus a éifeacht aige i gceardanna mar adhmadóireacht, aibhléiseoireacht agus bhreá lena chroí fir ghrinn mar Tommy Cooper. Ceann dá phaca mór scéalta ná, nuair a dúirt feirmeoir leis ‘an deichiú babhta’, go raibh móran ba agus stoic aige, ‘bhíos ag cuimhneamh ar loc a thógaint le breith ar na hainmhithe’. ‘Is beag an mhaith an cuimhneamh’ arsa Uinseann, ‘’ mar is ar an dtalamh a theastaíonn sé’. Bhaineadh sé an shásamh as dhaoine a bhíodh ag spalpadh mionnaí móra, go mór mhór nuair a bhuailidís ”h’ isteach sa bhfocal béarla mar a bh.. a ch.. mo bh…..Fear cruaidh ceolmhar b’ea Uinseann agus ard dhornálaí. Mairg a tharraingeodh achrann leis, ach iad siúd go raibh aithne cheart acu air agus b’shin mórán, fear tuiscionach, socair gan griothal agus gan ampla an airgid air b’ea é. Duine as an ngnáth, gan lán ná tórtéis. Bhí an tabharthas agam árd aithne a bheith agam air. Solas na bFlaitheas go raibh ag a anam dílis agus comhbhrón na muintire lena bhean Caitlín a gclann a ngaolta agus a gcairde.
Filíocht.
Sheol an file Biddy Jenkinson leabhar deas córach filíochta dár teideal ‘Baile do Bhí’, le Simon ó Faoláin, sa Mhainistir/Lab sa Daingean an tseachtain seo caite. Bhí slua brea i láthair. Chuir Bean an Tí, Áine Mhic Amhlaoidh fáilte roimh a raibh i láthair agus bhí ceol binn ó Mhark Crickard agus Guendalin Lieb. B’eo an leabhar deireannach ag ‘Puca Press’, a bhí lonnaithe i bhFionnTrá, agus mar a raibh Dominique Lieb páirteach. Tá Dominique agus a hiníon atá lán do éirim, ag filleadh ar a bhfód dúchais i Zurich na hEilbhéise, ‘le beagán airgid a thuilleamh’.Tá Béarla curtha ar na dánta sa leabhar. Ghaibh Simon buíochas le Aogán Ó Muircheartaigh as a chúnamh, le Dominique Lieb as a líníocht, le Zoe Uí Fhaoláin agus Dómhnal Ó Bric as an scannán atá ag dul leis an leabhar, le atmosféar a chruthú. Bhuaidh ceann dos na dánta sa leabhar, ‘Crónán’, duais dán filíochta Bhord na Gaeilge 2014. Seo cúpla líne as.
’Bhí an mhil ón gcróca mar cholún
Ómra ó shoitheach go leac
Fuinneoige, mar ar leath sí ina linn,
Is an rud a thiocfaidh, tagadh’.
Is tigh in Imeall Áth’ na gCrann le muintir Mhic Dhómhnaill, atá o gceist sa leabhar seo ‘Baile do Bhí’, mar a raibh cónaí ar Simon, a mháthair agus a dheartháir ar feadh tréimhse dá óige, atá i gceist sa leabhar.
Caid
Mar a dúrt an lá cheanna cé a bhuafaidh ar fhoireann caide Bhleá Cliath i mbliana? Óna raibh le feiscint ar an nDomhnach agus ar an Satharn seo caite ní hiad Maigh Eó ná Árd Mhaca, a dhéanfaidh amhlaidh. Beithfear ag braith is dócha, ar Chorcaigh nó Ciarraí nó lucht na Láimhe Deirge. Chuir iománaithe Chorcaí sceon i gcroíthe scata tréis an léasadh a thugadar do bhuachaillí Phort Láirge. Ach cad fés ‘na Cait’ i gCill Chainnigh, a bhí ag fógairt catha ar chách, tréis an sléacht a dheineadar ar Uíbh Fháilge bocht. An gcloisfear a thuilleadh ó Roscomán nó an bhfuil cúpla bliain eile sara mbeidh siad ag bagairt? An bhfuil buille Chill Dara tugtha? Ní raibh ar an nDomhnach. Dá fhaid é an bóthar treascaraíotear gach foireann. Féach mar a buadh ar Na Crócaigh, ach níl a rás rite fós i mbliana.
066-915 0530 ||