phone-white-web 066-915 0530 || email-white-web info@westkerrylive.ie

Advertise with WKL

WELCOME TO WEST & MID KERRY LIVE

THE ESSENTIAL NEWS AND EVENT GUIDE FOR THE DINGLE PENINSULA.

Ó Mhárthain - Breandán Mac Gearailt

Written by 

Toghcháin.
Is beag duine ná go raibh ‘gabhair phoilitíochta’ air le laetheanta beaga. Cad é liútar léatar a dhuine gach duine ag iarraidh a bhóín féin a chur thar abhainn. D’fhág Sinn Féin [SF] gearrtha é ag an gcóras poilitiúil. I gCorca Dhuibhne d’éirigh le Séamus ‘Chosaí’ Fine Gael [FG] na cosa a bhreith leis  Cé go raibh Seámus agus Breandán Mac Gearailt, Fianna Fáil, [FF} ar chomhtharrac, ní fuair Breandán aon aistrithe mar ná rabhadar ann do. Theip go tubaisteach ar FG i gCiarraí Láir rud a fhág an bhearna oscailte do Shéamus. Theip ar an nGrífíneach FG a shuíochán a choimeád agus theip ar  Johnny ‘Porridge’ a shuíochán a bhuachaint ar ais,rud nar thárla.. Bhí Súilleabhánach FG Neamhspleach [NS] béal dorais ag Johnny. Is olc an ghaoth ná séideann maitheas do dhuine éigin. Ghnóthaigh FF trí shuíocháin rud a fhág Breandán Mac Gearailt an Daingin ar thráig fhollamh. Tá Johnny ‘Porridge’ FG,fear graoi buailte arís an fear bocht agus tá PJ Donovan FG, tréis a shuíochan a chailliúint. Fear geanúil ‘sea PJ.

‘Sé John Francis Flynn, FF an t-iarrthóir is óige agus bhain sé geit as scata do lucht na tarraingreachta. Duine eile óg ná Norma Moriarty a dhein a gaisce féin cé ná fuair sí ach timpeall 250 vóta i gCathair Saidbhín mar a bhfuair an t-iar chomhairleoir Pól Ó Donchú  breis agus 500 vóta an uair dheireannach. Fuair sí breis agus 400 bhóta ar an gCoireán. Fear eile a dhein mór ghaisce ná Dan McCarthy. Seo é an triú babhta  ag fear Inbhear Scéine. Chabhraigh a chliú mar shár bhainisteoir ar an marglann áitiúil leis. Fear brea ‘sea Dan. I ngan fhios don saol agus ar scáth a chomharsana rug Damian Quigg Sinn Féin [SF] suíochán. Is ó Thír Eoghain ó dhúchas do Dhamian. Tá sé pósta le cailín áitiúil, Hórach ó Chill Orglan. Ní fada siar ó chill Orglan é Ros Beithe. Is as seo do Mhichael Cahill NS a

a fhág go leor geall ghlacadóir balbh, de thoradh a vóta mór. Ach más mór a bhí vóta Mhichael, bhuail an sí gaoithe a shéid Johnny Healy-Rae NS an uile eolaí poilitíochta go dtí poll an amhrais. Ní amháin gur dhein an fear óg seo gaisce ach ar an dtaobh eile don dteora i dtoghcheantar Chill Airne, chuir athair Johnny, Danny NS codhladh ar chách le breis agus 4,000 a ghnóthú. Deirimse gaisce leat. Deinimíd comhgháirdeachas le gach duine a ghnothaigh suíochán agus comhbhrón leo siud a chaill. Beidh lá leile agaibh le cúnamh Dé. Is minic a deirtear nuair a chailleann iarrthóir suíochan go mbíonn sé ina thóramh cráite ar feadh seachtainí ina dhiaidh. Ná bac an duine ata ag iarraidh dul isteach ar a chéad iarracht, níl dada le cailliuint sa chás sin ach an méid airgid a théann le gaoith. 

Ó thaobh Chorca Dhuibhne dhó is baolach go bhfuil an sean- ghalar ar ais arís, ‘sé sin bheith ag caitheamh ár vótaí go dtí gach aon duine a bhualeann isteach chugainn. Is dóigh liom go mbeidh ar ár n-iarrthóirí áitiúla anseo ‘margadh’ beag a dhéanamh a chinnteoidh shuíocháin aitiúla. Bíonn a gceantair féin ag braith ar na comhairleoirí lasmuigh don áit, ach dá mhéid a bheadh againne is fearr a bheadh san don gceanntar. Ach ní mise ná tusa a réiteóidh san. 

Gnóthaigh Eilís, iníon don iar-Sheanadóir Brendan Ryan a chaitheann scata dá shaol anois i gCorca Dhuibhne, ghnothaigh sí suiochán mar NS i dtoghcheantar Láir Bhleá Cliath.

Ag tagairt do ghaiscí is dócha go mba abhar mór áthais do gach aon duine go bhfuil aon cur amach ar Sheán ó Riada nó ar Pheadar a mhac. gur éirigh lena iníon Liadh SF suíochán a ghnóthú i bpairlimint an Aontais Eorpaigh.Tá sean- chosa i gCorca Dhuibhne ag na Riadaigh agus is mó san duine a bhí lán do áthas agus do lúchair ar bhua Liadh. Mo ghraidh a croí. Fear go bhfuil an bheart deanta fé cheathair ná Brian Crowley FF atá i gcathaoir rotha ó bhi sé og. Is diail é a mhisneach. Gaisce eile sa toghachán Eorpach ná Luke ‘Ming’ Flanagan. Cé a déarfadh go mbainfeadh ‘fear baint na móna’ suíochán Eorpach. Dhein. Bhí aithne ar Luke, fear nach aon amadán é. Duine nár chuala mórán fuithe ná Lynn Boylan SF, iomathóir a thug an lá lei i dtoghcheantar an AE Bhleá Cliath. Guimíd gach rath ortha ar fad.

Thar lear.
Le déanaí bhíos thar lear san Eilbhéis mar a mbobhtálamair tigh le lánúin ansúd. Bhaineadar an- shásamh as an dtír-dhreach álainn agus cneastacht na ndaoine a bhuail leo. i gCorca Dhuibhne. Beidh lá eile againn ag cur síos ar an saol ansúd, tír bheag gur í lár-ionad bancaeireachta taisce í. Níl sí san AE. Bíonn cead ag gach duine go bhfuil vóta aige, an vóta san a úsáid aon uair go mbíonn aon acht nó treoir le cur i bhfeidhm. Sin daonlathas agat.

Caid
Is léir ná díobrófar go dtí Roinn 4, sinsir caide na Gaeltachta i mbliana, ach is baolach go mbeidh bliain eile acu i roinn a 3. 

Bhí Ciarraí Thiar chun cinn go maith ina gcluiche craoibhe le Caisleán na Mainge/Na Buailtíní ar an nDomhnach seo caite. Is ar éigean go raibh a tharrac ar a shábháil acu san neomataí deiridh. Cothram a chríochnaíodar. Beidh lá eile acu.

Buíochas le Dia na Glóire, tá saesúr na caide agus na hiomána tosnaithe agus beidh allas áthais le braith ar lucht leanta cluichí CLG. Gan amhras beidh Corn Sacair an Domhain ann rud a chuirfidh codhladh ar scata a bheith ag féachaint ar na cluichí a mhaireann 90 neomat agus seans ná beadh aon scór. Má bhaineann tú sásamh as an sort sin spóirt seo leat. Is minic a chuirim an cheist conas a thabharfá tacaíocht do fhoireann ná beadh aon bhaint ag furmhór nó iad ar fad, na himreoirí, leis an gceantar. Imreoirí go bhfuil oiread á thuilleamh sa tseachtain acu i.e £25,000 agus a bheadh agatsa i mbliain. Ní imríos ‘monopoly’ riamh agus níl sé ar intinn agam tosnú. Ach féachfad ar chuid dos na cluichí agus ar an ‘Tour de France’. Mar dúras beidh anlann brea caide is iomána againn as seo go Mean Fhomhair. Cé a bhuafaidh i mBliana? Blea Cliath arís agus na ‘Cait’ ag iompó ina gcraiceann? Beidh lá eile againn ag cíoradh agus ag tuar cé a thabharfaidh ‘Sam’ agus Corn Mhic Cárrthaigh leo.

Read 1419 times

Add your Classified Ad

Accommodation or Business