phone-white-web 066-915 0530 || email-white-web info@westkerrylive.ie

WELCOME TO WEST & MID KERRY LIVE

THE ESSENTIAL NEWS AND EVENT GUIDE FOR THE DINGLE PENINSULA.

Ó Mhárthain - Breandán Mac Gearailt

Written by 

Tá poiliteoírí ar na builg

ar dalladh na laetheanta seo agus gach aon duine acu ag iarraidh a bhó a chur thar abhainn. Rud a ardaíoch ag cruinniú bliantúil Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ná go mba dhíomá mór é ná raibh aon aird tugtha ag cuid dos na poiliteoirí ar an nGaeltacht mar ná raibh aon dath don dteanga Gaolainne ar a  bphóstéirí. I gcás ‘peacaigh airithe’ cuireadh  oiread fuinnimh le bhuillí le cuaillí a chur sa talamh do phóstaeirí gur chuireadh an cuaille tré phíp uisce an bhaile. Sin fuadar agat.

Léirigh an bainisteoir Gearóid Ó Brosnachain go raibh titim ar an líon scoláirí samhraidh a tháinig anuiridh dtí an nGaeltacht seo againne. Measaim go raibh an port céanna fíor ar fuaid na tíre. Óna bhfuil cloiste againn is léir go bhfuil bóthar an sclaig roimis an dtionscail seo san blianta rómhainn. Beidh mná tí agus lucht gnó thíos go mór le cinnithe an stáit. Dúirt Gearóid Bainisteoir an Chomharchumainn go raibh sé don tuairim go réiteófaí fadhb an airgeadais a eascair anuiridh ach d’fhág sé mar sin é.  

Tá an foirgneamh nua pobail i mBaile a Fhirtéaraigh ag éirí mar Fhénics as an gcré ansan. Is dócha go gcuirfidh a leithéid do thionscnamh misneach ar scata daoine sa phobal mar go mbeidh áiseanna ann do óg agus aosta maraon le lucht léinn. Tá gach cosúlacht air go mbeidh furmhór na hoibre críochnaithe fé dheire an tsamhraidh.

Deoch
Chonach scannán ar an dteilifís le déanaí ag léiriú a bhfuil do shlogadh dí imeasc na ndaoine. Bhí an cúram imithe chun an phota le deich nó chuig bliana déag. Mar bharr ar sin is ag dul i ndonacht atá an ghéarchéim seo, is balach. Ta daoine óga dar leo sa bhfaisean nuair a shloigeann siad deocha crua mar a ólfá usce. Leanann achrann a leithéid. Meastar gur deoch fé ndeara leath do na dún mharaithe a tharlaíonn agus timpistí gluaisteán. An teaspach gan dúchas é, nó ag leanúint i gconair óganaigh droc bhéasacha na Breataine. Is mó duine a bhíonn thíos leis an ól san. 

Ait go leor in aineoin an líon daoine a thiteann leis an ól sa tír seo tá tíortha eile mar a n-óltar fíon mar shampla, ag slogadhh níos mó alcóile ná an dream seo againne. Ach is dócha gur í an fhearaíocht agus an beartas a bheith ‘siar ó Thuaidh’ chomh tapaidh agus is féidir a dheindeann an diomáiste sa ghearr agus bhfaid théarma. Ní amháin gur í an tsláinte a bhíonn thíos le  drúncaéireacht ach an saol sa bhaile óir is minic bean an tí ar an gcaolchuid le bia a chur ar an mbord. Má ólann tú bhí réidh ar do mhaidí.

Caid
Cothrom a bhí Mionúir caide na Gaeltachta agus na Crócaigh i nGallarús le déanaí. 2-17 an taobh. Caithfear a rá go mba árd chluiche í agus gur bhaineas an- shásamh as luas agus aiclíoch na bhfóirne. Bhí gabháil gan cháim ann agus ruathair aonair don scoth, maraon le comh-imirt éifeachtach a chuirfeadh misneach ar aon bhainisteoir caide. Sea, dá dtabharfaí breis don gcaid ard dos na lán tosaigh mar a raibh Brian Ó Murchú go diail, bheadh an bhua acu, déarfainn. Ba chluiche é go mbeithfeá bródúil as an triocha fear óg a bhí ar an bpáirc. Sea thug an Ghaeltacht Craobh Sraithe sinsir Chiarraí. Thiar leo agus glacaim leis go raibh buachaillí na Gaeltachta an- shásta leo féin. A Dhia na Glóire, canathabh go raibh cluiche ann Dé hAoine seo caite nuair a bhí ‘stoirm’ ag séideadh. Bhuaidh An Daingean ar an nGaeltacht le dhá phointe. Ní ceart cluichí  a imirt i lár stoirme. Ba cheart cluiche a chur ar ceal go mbíonn an anaithe thart. Bhí scata díomádh an lá cheanna nuair a bhuaidh Gníomh Go Leith ar shinsir na Gaeltachta.  An é go rabhadar ró chinnte dóibh féin nó go raibh mí-ádh na seacht mblian ortha. 

Briléis
Cogar an gcuireann aon duine comhairle ortha siúd a bhíonn i mbun ainilíse ar chluiche caide agus iomána. ‘Tagann sé síos an páirc’, ‘buaileann sé go lár an páirce an liathróid’ agus briléis mar sin. Ná fuil sé i am ag lucht ceannnais  comhairle a chur ar na daoine seo agus is beag a bhainfadh  blas na ndearmad dóibh’.

‘Buíochas le Dia, beidh  suaimhneas againn ó shacar Shasana agus an ‘rugbaí ‘ arsa fear ó P‘haróiste Múrach liom an lá cheanna. ‘Bainim an- shásamh as an am seo bliana’. Ar sé. ‘Bhíonn gach foireann ag croitheadh an tseana-chuimh dóibh féin le aghadh a thabhairt ar shaesur na caide is na hiomána. Is dócha go bhfuil a chruinn cheart féin aige agus scata ar aon fhocal leis. Ach ag caitheamh súil romhainn cé a bhainffidh an bhearna do Shinsir caide  Bhleá Claith agus an bhfuil ‘na Cait’  ag cur clipí na bua go cnámh sa chraobh i mbliana. Pé gaisce a dhéanfaidh Chill Chainnigh is deacair a shamhlú go bhfuil aon fhireann a threascaródh Blea Cliath. Is maith an scéalai an aimsir.

Feabhas.

Is mór an gaisce a dhein Louise Ní Fhiannachta le déanaí nuair bronnadh Gradam EFTA ar a saothair. Bail ó Dhia ar chailín óg Bhaile an Chóta. Faid is bhí Louise ag léiriú a héirim i saol na scannánaíochta bhí a hathair Muiris ag déanamh gaisce aisteoireachta sa dráma, ’Súbhó agus Macco’ a bhí sa Lab sa Daingean ar an Satharn seo caite Thabharfainn gradam cinnte dá mbeadh sé ann do Áine Ní Mhuireartaigh a bhí ar fheabhas ar fad. ‘Ó Thuaidh agus Siar ó Dheas’!

Bainníg sásamh as Fhéile na Bealtaine.

 

Read 1026 times

Add your Classified Ad

Accommodation or Business