phone-white-web 066-915 0530 || email-white-web info@westkerrylive.ie

Advertise with WKL

WELCOME TO WEST & MID KERRY LIVE

THE ESSENTIAL NEWS AND EVENT GUIDE FOR THE DINGLE PENINSULA.

Ó Mhárthain - Breandán Mac Gearailt

Written by 

Sea, tá ‘Lá na n-Amadán curtha againn dínn

agus is mó duine gur buaileadh bob air. Bíonn an gnáth cheann beag ann i gcónaí ach is minic go mbíónn cinn a chuireann mearbhall ar dhaoine. Sa chás sin téitear ró-fhada leis an ‘amadántaíocht’ rud a chruthaíonn fadhbanna móra pearsanta. Ceann gur chreid roinnt mhaith daoine ná an ceann a bhí ar Nuacht Raidío na Gaeltachta cúpla bliain ó shoin, nuair a áiríodh imeasc forbairtí éagsúla go raibh sé i gceist droichead a chur amach ó Ché Dhún Chaoin go dtí an mBlascaod Mór. Cé a chreitfeadh a leithéid, ach ná fuil daoine ag déanamh áirithintí ar dhul chun na Gealaí agus ní aon bhréag é. Fíu is go mbíonn greann agus cleachta ag baint le Lá na n-Amadán, dar liom go mba cheart an teideal ceart a thabhairt dó, ‘sé sin, Lá na n-Amadán is na n-Óinseach’ mar go mbíonn na mná bochta leis, thíos le cleasaíocht lucht magaidh.

Toghchán
Cé go raibh an saol ag cur agus ag cúiteamh ar an mbaile seo againne fé cé hiad a bheadh á fheachaint le chéile san olltoghchán a bheidh againn i gceann dhá bhliain, anois go bhfuil an contae go léir ina thoghcheantar amhain 5 shuíochán. Ach ‘sé an gad is gaire ná an toghachán a bheidh againn ar an 23ú lá don mí seo chugainn nuair a bheidh toghchán na Comhairle Contae againn. Bíonn an- ghearradh agus an- threascairtí ag baint leis na toghcháin seo agus is minic duine ar bheag aithne ag baint na bearnan do chách. Sa toghcheantar seo againne tá 9 shuíochán ann agus is dócha go bhfuil go láidir thar an 100 míle slí ó Dhún Chaoin go dtí lastoir do Lárach ar theora Chorcaí. Is mó duine a chuala á radh gur magadh ar fad é seo agus gur sampla é don aigne gur cuma leo fútha siúd atá ar an imeall. Fé láthair tá sé ráite linn go mbeidh 5 iomathóir ag Fine Gael {FG] agus 4 ag Fianna Fáil [FF]. Tá duine sa bhféachaint ag Sinn Féin [SF] agus agus triúr Neamhspleach {NS}. Níl aon duine ainmnithe ag Páirtí an Lucht Oibre go fóíll agus meastar go mbeidh breis neamhspleáigh ag teacht ar an bhfód chomh maith. Mar sin beidh raiste mór iomathóirí ar do chlár vótála agus rogha breá leathan agat. Chonac na figiúirí seo leanas luaite ag lucht fáistine  FG 4, FF 3 agus NS 2 agus ceann eile  FG 3, FF 2,  SF I, LO 1 agus 2 NS. Cad a cheapaim féin? Fanfad go mbeidh na hiarrathóirí ar fad cláraithe. San idir linn fág an doras ar an laiste, mar beidh daoine ag baint na gcos dá chéile, moch déanach, ag iarraidh do thacaíocht a fháil. Dar liom go bhfuil breis agus 32,000 duine cláraithe le vóta a chaitheamh agus gach cosúlacht go mbeidh aan cuóta timpeall 2,500,  ‘sé sin má bhíonn an vóta a caithfear timpeall ar 70%. Ach tá daoine bailithe agus cathain ná bíonn agus d’fhéadfadh siad fanacht ‘ge baile. Tá an baol leis go bhféadfadh daoine atá  ag obair lasmuigh don gceantar vótala bheith  sáruithe ag dualgaisí oibre. Agus cad fén líon atá ar an  gclár atá glanta leo thar sáile. Pe conair a ghlacfaidh an toghchán beidh sé daonlathach  agus is fiú cuimhneamh our mó duine ar thalamh an domhain, ná fuil an rogha san acu.Má tá vóta agat caith é.

Caid
Bhuaidh Gleann Fleisce ar an nGaeltacht le cúpla pointe ar Pháirc Ghallaruis an Domhnach seo caite. Bhí beagan don ndíomá ar scata don lucht tacaíochta mar go rabhadar ‘ge baile. Ach dheineadar a ndícheall agus beidh scata laetheannta eile acu. Bhuaidh mná sinsir caide Chiarraí a gcluiche in aghaidh Mhaigh Eó agus iad ag súil, agus sin go leir ag súil go mbeidh ádh thar ádh ortha i imbliana. Bhí fir sinsir caide Chiarraí  codhlatach go maith sa chéad leath in aghaidh an Iar-Mhí ach tháinigh an dara anál doibh sa dara leath. Conas a bheidh acu in aghaidh Chorcaí? An bhfuil a mbuille tugtha fiú is má bhuadhann siad ar Chorcaigh? Níor mhór mór mhíorúilt as an ngnáth lé go gcáileódh an dream seo againne dos a cluichí leathcheanais.

Aimsir.
Má bhuaileann aimsir mhaith sinn beidh árd bhliain arís ag feirmeoirí agus ag lucht na gcuairteoirí. Ní fada anois go mbeidh daoine ar a dtriail i ráiseanna ó 10 KM go dtí rás maraton agus ollmharaton. Is minic a bhíotar ag déanamh beag dos na hiomathóirí seo, daoine á radh gur lucht teaspaigh iad agus go mbeidís i bhfad  níos fearr as bheith ag déanamh rud éigin eile. Is cuma cén caitheamh aimsire a cleachtann tú beidh daoine ag tromaíocht ort, ach ná caitheann siad abhar éigin cainte agus cáineadh a bheith acu go mór mhór iad siúd atá ró leisciúil le cearc a chasadh. Sea, tá cosa-buí anairde ag tosnú go luath, agus beidh féile ar fhéile againn tríd an Samhradh agus an Fómhar. Mairg a bheadh ag dul thar lear má bhíonn aon chuma ar an aimsir. Má tá airgead le caitheamh agat, caith ‘ge baile é.

Read 1605 times

Add your Classified Ad

Accommodation or Business