phone-white-web 066-915 0530 || email-white-web info@westkerrylive.ie

WELCOME TO WEST & MID KERRY LIVE

THE ESSENTIAL NEWS AND EVENT GUIDE FOR THE DINGLE PENINSULA.

Ó Mhárthain

Written by  Breandán Mac Gearailt

Féasóga

N’fheadar  an é galar na gcat atá tréis daoine sa tir seo a bhualadh. An é go bhfuil daoine ag féachaint ar an iomarca Staisiúin ón Mean Oirthear ina bhfuil fumhór na bhfear meigeallach. Is dócha go bhfuil daoine ann go n-oireann an fhéadóig dóibh, ach cinnte tugann na féasóga atá ar chuid don muintir seo againne cuma ma scríbe agus na hainnise ar fad ortha. Ba dhóigh leat gur tor mór do fhéasóg bréige  a bhíonn ar chuid acu. Sa tsean-aimsir bhíodh beagán do seo ar sheanóirí agus ar bochtáin, ach is croiméal an tor a bhíodh ar a bhfurmhór mhór. Deirim-se clúimhín cait leat. Gan dabht bíonn mothail mhóra mí-shlachtmhara ar dhaoine eile le fearaíocht le teaspach, le leisce agus le dícéille. Bhíos ag féachaint ar an stáisiún ‘Al Jazeera’ an oíche eile agus ansan chaitheas stracfhéachaint ar chúpla cluiche caide, ach cad é, ach bhí  féasóigí chomh líonmhar le Lá an Dreoilín ar na himireoirí.

Nár stop ár ndícheall iad. Rud eile ná go gcuireann na féasóga seo blianta ar  dhaoine agus deintear seanóirí do ógánaigh agus cuma na droch aimsire ar chuid eile acu. Ach aontaím go dtugann na féasóga an- chuma ar chuid dos na féasóigíní. Ní fada is dócha go mbeidh cúpla ‘Iatollagh’ againn.

Neodrach
Mheasas go raibh an tir seo ‘Neodrach’ agus san mar chuid d’ár margadh leis an AE. ‘Sé sin ná beadh aon lámh againn i gcogaí carad ná lucht na sean-ímpireachtaí mar gaigí an lae iniu mar na Meiriceánaigh. Tá blas an éitigh Thoir agus Thiar san iomrascáil atá ar bun san Úcráin. Is deacair a thuiscint má tá furmhór mhór dos na daoine i réigiú Crimea tréis a léiriú gur annsa leo filleadh ar an Rúis a scaradh uatha sa bhliain 1956. An lá cheanna chaith 83% + a nguth agus bhí 97% acu san ar shon filleadh dtí an Rúis. Chuir na léirseoirí i Kiev fuath na tiré ar an Uachtarán a toghadh go daonlathach cé gur gheall sé toghachán go luath. Cheap lucht na círéipe duine acu féin gan focal a bheith ag an bpobal sa ‘cheapadh’. 

 N’fheadar an bhfoghlamóidh Meiriceá aon chiall go deo? Chaitheadar na blianta i gcogadh gan deallramh i Vietnam. Scriosadar an Iráic mar ‘go raibh buamaí admhacha ann’, rud ná raibh. Dheineadar brúscar dos na réigiúin sna Balcáin. Tás agat fén. Níor chuala dada fén gcomhrá  a bhí idir Catherine Ashdon ó roinn gnóthai eachtranacha an AE agus a comhleacaí san Estóin. Bhíodar ag cur is ag cúiteamh go raibh daoine a bhí bainteadh leis na léirsithe i Kiev páirteach sa mharú a deineadh ar léirsithe agus póilíní i Kiev.

Bheithfeá ag súíl go nglacfadh Sasana tiarnúíl agus Meiriceá leibideach sos agus éirí as an dtranglam  gan chéill sara dtarraingíonn siad cogadh domhanda orainn go léir. Bheadh súil againn gan beith bainteach scon scan le aon lucht troda. Mo ghraidhn sinn agus ár ‘Neodracht’.

An Seabhac.
Dar leis an scoláire Seán Ó Coileáin an lá cheanna agus é i mbun léachta ag Comóradh an tSeabhaic i gColáiste Íde, gur gnáthach go mbíonn an- thionchar ag eagarthóirí ar na leabhra  go mbíonn siad ina mbun. Sa chótheacs san agus é ag tagairt do leabhra  cáilúil an Bhlascaoid caithfí ionchar dhaoine mar Marstrandar, Brian ó Cellaigh 7rl a chur san áireamh gan trácht ar éirim, díograis agus tuiscint an tSeabaic i gcúrsaí eagarthóireachta. 

Bheadh dóthain lae agus bliana ag duine dá mbeadh an t-áth leis focla bríomhara chleachtúil Phádraig Uí Éili a chlos ina léacht ag an ócaid. Measaim gur cheart i bhfad níos mó ómáis agus aitheantais a thabhairt don Seabhac ná mar atá, mar go mba Fathach thar Fhathaigh é i saol a linne, agus fós. 

Leabhar ó Lios Póil
Ar an Satharn seo caite sheol an TD Joe Higgins leabhar bunaithe ar scríbhíní le Lís Ní Shúilleabháin ón Min Aird curtha in eagar ag Roibeárd Ó Clathasaigh. Tá an clóchur agus dearadh déanta ag Feargal mac Amhlaoidh [Inné} agus siad Walsh Colour print, Oileán Chiarraí na clódóirí

Mar is gnáthach, bhí Joe go maith. Dar leis go mba dheas a bheith imeasc a dhaoine féin, seachas a bheith i mBleá Cliath imeasc scata Bithíunach na mbanc.  Is E15 móide CD atá ar an leabhar suimúil seo dár teideal ‘Teanam go Min Aird’. Bhaineas taithneamh as. 

Scannáin
Chonac cúpla scannán le linn Feile Idirnáisiúta Scannán an Daingin. Bhaineas an- shasamh as, ‘Ar lorg Shomhairle’. Eánna de Buis ón Múiríg in Uíbh Ráthach a stiúraigh agus b’é a athair Paddy, an file aitheanta, a léig an fhilíocht. Cinnte dearfa cloisfear go leor leor fé Louise Ní Fhiannachta, ó Bhaile an Chóta as a cumas i ndéanamh scannán. Dar liom gur seod í a bheidh ag lonradh ar fhaiche na scannán sna blianta rómhainn.

An Lab.
Bhí ard oíche filíochta agus blas ceoil sa ‘Lab’ ag ‘Aos Cró’, a eagraíonn Simón Ó Faoláin le déanaí. ‘Sé Derrí Ó Súilleabháin, file aitheanta i nGaolainn, [ ‘An Lá go dTáinigh siad’, Foill. Coiscéim, ‘ Cá bhfuil do Iúdás?’ Foill. coiscéim  etc] Béarla agus Fraincís a chiorraigh an oíche dúinn agus an ceoltóir Sello Moekesi ón Aaifric. Bhíodar go diail ar fad. Má bhíonn an seans agat Derry Ó Bheanntraí  a chlos ag aithris cuid dá chuid dhánta, agus a thuairisc ar chuid dá shaol, cuirim geall leat go n-árdóigh sé do chroí. 

Páráid agus Comóradh

Bhí an-Pharáid ar an mBuailtín Lá L’ Pádraig. Tá an- mholadh ag dul dos na heagraithe, go mór mhór Daryl Broe. Bhuaileas le daoine a bhí ag comóradh an lae ar bhonn pearsanta mar a bhí Páidí  ‘Mhárthain’ Mac Gearailt a bhí ag comóradh a lá bbreithe; Louis Ó Maolchatha agus Lisbeth ag ceiliúradh 48 bliain pósta, agus T P Ó Conchúir ag comóradh 45 bliain pósta. Faid saoil chúcha.

Read 1843 times

Add your Classified Ad

Accommodation or Business