phone-white-web 066-915 0530 || email-white-web info@westkerrylive.ie

WELCOME TO WEST & MID KERRY LIVE

THE ESSENTIAL NEWS AND EVENT GUIDE FOR THE DINGLE PENINSULA.

Scéala ón Díseart

Written by  Pádraig Ó Fiannachta

Ní raibh ar mo chumas a bheith páirteach in Aifreann an Bhanna Ceoil ar 6.30am Lá ‘le Pádraig ach bhíos ag guí ar son ár bparóiste agus ár dtíre nuair a chuala an ceol bríomhar go háirithe díreach ag doras Eaglais Mhuire. Chuala go raibh an slua is mó riamh i láthair ag an Aifreann sin. Dar ndóigh bhí Seán Mac Síthigh a bhí linn i Compostella agus sinn ag siúl an Camino agus a dhein an scannán cáiliúil fén oilithreacht sin ar ar tugadh Bealtaine ar fáil chun ceiliúradh na Féile sa Daingean a chur i dtús na gcláracha nuachta fén bhféile arís i mbliana. Nuair a thánas-sa ’on Daingean breis agus fiche bliain ó shin lean an banna ceoil na seanrialacha faoi gan cur isteach ar shearmanais creidimh ag gabháil thar séipéal. Stopadh an ceol ag siopa Paddy Ati agus thosnaíodh sé arís ag siopa Paddy Curran. Dúrt le lucht an bhanna gur bhreá le hÍosa an banna a chlos sa Sáipéal, agus thánadar isteach go ceolmhar riamh ó shin; seinneann siad go bríomhar do Chríost agus do Phádraig. Ba bhreá liom dá mbainfí feidhm as áiseanna an Dísirt do Fhéile scannánaíochta an Daingin. Nár bhreá liom go mbeadh scannán Gaelainne i gceann de sheomrai breátha an Dísirt agus go bhféadfainn é a fheiscint ar mo shuaimhneas. Tá daoine ar Bhord an Dísirt a chabhródh lena leithéid a shocrú an chéad uair eile. Tá trí seomraí fairsinge againn dá leithéid.

   Tá an Díseart páirteach i Lá na dTuras, Lá na nOilithreachtaí agus na dTuras, Satharn Cásca 19 Aibreán. Turas Bhréanainn atá i gceist. Tosnóidh sé ar 10.30am mar a dtosnaíonn Cosán na Naomh, ag an gcárchlós cois trá i gCeann Trá. Láthair bheannaithe é sin a théann siar go dtí 197 AD nuair a tháinig corp an mhairtírigh Caitlín, ina comhra ghreanta ansiúd isteach. Stad an tSrúill chun Caitlín a scaoileadh siar chun na reilige agus stadann sí riamh ó shin le daoine a ligean siar cos tirim. Nuair a tháinig Naomh Bréanainn lena dhíseartán a bheith aige ar bharr a Chnoic féin thosaigh an turas ansiúd fiú agus é fós beo. Thagadh an hoilithrigh isteach go Tráigh Fionntrá. Théidís timpeall Bótar a’ Chinn le radharc álainn ar Thráigh Fionntrá agus a Cuan, Bá an Daingin, Uíbh Ráthach agus na Scealga, agus Sliabh an Fholair. 

Téann an Cosán thar  Cill na gColmán agus a chloch oghaim leis an bhfocal OILITHREACH inscríofa air,  agus ar aghaidh go Caisleán Ráth Fhionnáin ar dheis soir trí na Leataithe go Teampall an Chluana, as sin go Cathair Deargáin agus Tigh an tSainsiléara, agus Gallaras ó dheas uaidh agus Cill Maol Céadair díreach ar aghaidh. Tá radharc breá eile ón gCosán agus é ag dul thar Chnoc Rinn Chonaill go Loch Cráilí mar ar chuir Cúán an pota ar cheann na Péiste, ar chlé ansin go Baile an Lochaigh agus go Baile Breac mar mbeidh deireadh leis an tsiúlóid oifigiúil, timpeall 11míle. Beidh daoine ag dul leo féin an lá sin nó níos déanaí go barr Chnoc Bréanainn. Déanfaidh daoine comhar le chéile ag filleadh.

D’fhoilsigh An Sagart dhá leabhar le déanaí, Irisleabhar Mhá Nuad 2014 a sheolfar le linn Léachtaí Cholm Cille ar 11 Aibreán; agus The Clogher Quartet a sheolfar san Hunt Musaeum i Luimneach  3pm Márta 23. Seo leabhar álainn le Louis Mulcahy, ball dílis de Cheardlann Filíochta an Dísirt.

News from the Díseart

I enjoyed St.Patrick’s Day though I just prayed for our parish and our country as I listened to the band play around the town and especially at the entrance to St. Mary’s. I remembered when I suggested to the band to forget about the old rule in English law which forbade loud noise or even music passing a church lest service might be disturbed. I told them that Jesus would love to hear them in the Church and they have come with a bigger following, year after year, ever since and are always  first on news bulletins on the day. We published two books last week, The Clogher Quartet by Louis Mulcahy a faithful member of the Díseart Poetry Workshop . It will be launched in the Hunt Musaeum in Limerick at 3pm Sunday, 23 March and Irisleabhar Mhá Nuad 2014 which will be launched in The Díseart during the Colm Cille Lectures XLV on Sat. 11 April. 

   An Díseart is taking an active part in the National Pilgrim Paths Day, Easter Sat. 19 April 2014. The path in question is Cosán na Naomh and the walk begins in the car park near Ventry Beach at 10.30. This is a holy place ever since the beautiful casket containing the body of the Alexandrian martyr 

Katherine was washed ashore there in 197 AD. The Srúill stopped to let the bearers of the casket pass—it does so ever since so you may pass dryshod. When St. Brendan established his díseartán on Mount Brandon soon pilgrims began to land at this holy place to visit him and later a pilgrimage to the site which he blessed became popular in Ireland and in western Europe and is still very much so. From the car park the path goes through the village and then left along ‘ Bóthar a’ Chinn’ from which there is a wonderful view of Ventry Beach, site of the mythical Battle of Ventry, of Dingle Bay, Iveragh, the Skelligs, Mount Eagle and Cruach Mhárthain. It passes close to extensive Cill na gColmán with its famous ogam stone with the word Pilgrim inscribed on it. Then the path moves on to Ráth Fhionnáin Castle, goes right then and eastward through the three Latives to Teampall an Chluana, with Gallaras to the left and The Chancellor’s House to the right in Cathair Deargáin. The wonderful Cill Maol Céadair straight ahead. The path then goes over the Rinn Conaill hill and down to Loch Cráilí where St. Cúán put the pot on the head of the dreadful monster in the lake; it continues left through Baile an Lochaigh and right to Baile Breac where our 11 mile walk ends. Some will continue on their own to the top of Mount Brandon on the day or later. People will join to ensure all get home or back to the starting point.

Read 1162 times

Add your Classified Ad

Accommodation or Business