phone-white-web 066-915 0530 || email-white-web info@westkerrylive.ie

Advertise with WKL

WELCOME TO WEST & MID KERRY LIVE

THE ESSENTIAL NEWS AND EVENT GUIDE FOR THE DINGLE PENINSULA.

Ó Mhárthain

Written by  Breandán Mac Gearailt

Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

Tíonóladh Ardfheis bhliantúil Chonradh na Gaeilge i gCill Áirne an deire seachtaine seo caite. Bhraithfeá go raibh misneach tagtha ar scata dos na teachtaí a bhí ann ós gach contae in Éirinn.
Bhí deire seachtaine inspioráideach ann agus friotháilt déanta ar scata dreamanna, óir bhí cluichí caide ar an liosta imeachtaí, ceardlanna, léachtaí, rúin, toghcháin, siúlóidí, dinnéar na hócáide agus inshealbhú Uachtaráin Nua.
Ba mhór an t-anbhar spéise a raibh le rádh ag an gCanónach Tomás Ó Luanaigh, Sagart Paróiste an Daingin, a bhí ag cur síos ar stair agus saíocht an cheantair.Thagair sé do leithéidí Aogán Ó Rathaile agus Piaras Feirtéar. Bhí focal suimiúil aige fé Bhrian Ó Ceallaigh a saolaíodh ar an láthair ina raibh an Ard Fheis, Óstán na n-Árda. B’é ’Brian  a chuir misneach ar Thomás Ó Criomthain dul i mbun pinn. Eachtraíotar scéalta idir aithféiseach agus fíor fén gCeallach atá curtha i gcathair Split, na sean Eúcláibe. An ráfla is treise ná go mba spiaire é.
Inshealbhaíodh Cóilín Ó Cearbhaill ina Uachtarán Nua. ‘Tá dubhshlán mór rómham’, ar sé, ‘ach déanfad mo dhícheall’. Is Bleá Cliathach Cóilín agus tá sé mar mar riarthóir ar Rith Teo. agus Glór na na nGael. Is ball do choistí éagsúla an Chonradh é, maraon le Coiste Náisiúnta an Oireachtais, Cathaoirleach  ar Chlub an Conradh agus ina bhainisteooir ar chumann caide  Na Gaeil Óga an t-aon chlub lán Ghaeilge lasmuigh don nGaeltacht.
Dar leis an iar-Uachtarán Donnchadh Ó hAodha go gcaithfeadh an Conradh a bheith aireach, mar go bhféadfadh seans go gceangalófaí maoiniú na heagraíochta leis an stát rud a chuireadh as go mór do dheilbh agus bun-structúr na heagraíochta ‘atá’ a dúirt sé, ‘bunaithe ar an nGaeltacht agus lucht labhairt Gaeilge in Éirinn agus ar fuaid na cruinne ar bhonn láidir deonach neamhspleach.
Ar an Rúin a bhí[ bhí 36 ar fad] ós chomhair hÁrd Fheise, bhí  ceann ó Chraobh Dún Dealgan ag cáineadh an Rialtais mar nár chuireadh na hacmhainí caoi ar fáil do oifig An Choimisinéara teanga. D’éirigh an Coimisinéir Seán ó Cuirreáin as an bPost dá bharr.
 Cuireadh fiacal i bhForas na Gaeilge mar gur aistharraing siad an chabhair airgid ón Nuachtán Gaolainne Seachtainiúil ‘Gael Scéal’, agus ritheasdh rún ag cáineadh mar a caitheadh go holc leis an eagraíocht ‘Guth na Gaeltachta’. Mhol An Cumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide go mbeadh an Ghaolainn mar chroí-abhar don teastas Sóisireach agus don Ardteist.
Dhein Pádraig mac Fhearghusa an- chás le go mbeadh Ard Fheis na bliana 2016 i dTrá Lí bliain comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca, ach buadh ar an rún le guth amháin. Is i mBleá Cliath a bheidh an Ardfheis  anois, agus is i Ros Cré a bheidh ArdFheis na bliana seo chugainn.
Léadh Aifreann an Domhnaigh i Séipéal an Aiséirí.

Caid. 

Tá tosnú maith déanta ag lucht sinsir caide na Gaeltachta sa Sraith Chomortas caide go dtí seo.Tá súíl againn nách tus chapall na stailce é.
Bhí an- chluiche sa Daingean i bPáirc an Ághasaigh ar an nDomhnach i Sraith chomórtas Náisiúnta caide sinsir na mBan. Bhí an lá le mná Chiarraí  in aghaidh Chorcaí le pointe, 1-8 le 1- 7. Ba ábhar maoite do mhuintir na haite é gur í an  cáilin aiclí ceolmhar Louise Ní Mhuircheartaigh ó Ard na Caithne a aimsigh an scór deireannach don imirt, a chlaoigh na Corcaíg. 

Scoil Cheoil.

Bhí ard Fhéile arís i mbliana ag Scoil Cheoil an Earraigh a eagraigh Niamh Ní Bhaoill agus Breandán Ó Beaglaoi. Is mór an t-árdú croí a bheith ag éisteacht le ceol breá. Dúirt na heagarthóirí go raibh méadú mór arís i mbliana ar an líon daoine a fhreastail ar na ceardlanna ceoil agus teanga, a cuireadh ar fáil. Mo ghraidhn úr gcraoí agus an deichiú bliain curtha tharaibh agaibh. Bhí Ceoltóir amháin agus sár cheoltóir ‘sea í, ag cur síos ar ‘Chaoineadh Eogain Rua’, agus bhí scéal greannúr aici fé mar a bhí sagart ag iarraidh an bheárna a bhaint do Eoghan Rua agus conas a sháraigh Eoghan é. Is do Eoghan Rua Ó Suilleabháin na Mínteoga a bhí sí ag tagairt, ach is do Eoghan Ó Néill a chúmadh an Caoineadh. Rith focal an cheoltóra.

Páidí

Ar an deire seachtaine céanna a bhí Comórtas Caide Phaídí Uí Shé ar bhun agus ainneoin na haimsire bhí árd fhéile ann. Bhí foirne idir fhir agus mhná ann ó chian agus ó chóngar ag áireamh baill do fhoireann na ‘Shannon Blues’, a bhunaigh mo dhlúth chara béal dorais, Tomás mac Gearailt i mBostún Mheiriceá. Fuair Tomás slán mar ndínstear é, bás obann cúpla bliain ó shoin. Bhí mac do Thómás, ar an bhfód don ócáid agus ní dhearmad sé a bhróga caide.
Tá coiste Pháidí Uí Shé lán bhruideach anois, ag réiteach le dealbh don laoch caide Páidí, a lonnú ar an bhfód dúchais in Ard/mBun an Bhóthair.

Read 1610 times Last modified on Thursday, 06 March 2014 11:36

Add your Classified Ad

Accommodation or Business