phone-white-web 066-915 0530 || email-white-web info@westkerrylive.ie

Advertise with WKL

WELCOME TO WEST & MID KERRY LIVE

THE ESSENTIAL NEWS AND EVENT GUIDE FOR THE DINGLE PENINSULA.

Scéala ón Díseart

Written by  Pádraig Ó Fiannachta

Mairimid, buíochas le Dia. Tá cnag ar cheann de ghéaga móra an fháibhile rua atá os cionn reilig na mban rialta. Caithfimid é a ghearradh go cúramach le ná déanfaidh sé díobháil d’aon chros ná d’aon reilig. Is trua gur tharla roinnt damáiste do dhíon shéipéal Mhuire. Is mór an ní nár tharla aon ghortú d’aon pharóisteánach, buíochas le Dia. Theip an leictreachas sa Díseart ar an gCéadaoin úd. Mar a tharla bhí tóirse breá láidir agam. Chuas isteach sa leaba go luath. D’éirigh liom mo phortús a léamh gan dua. Bhí leabhar faighte agam an lá sin ó chuairteoir ó Mhinnesota a raibh an-fhonn orm é a léamh gan mhoill. Is trua go ndearnadh an oiread san díobhála do chuid de fhoirgnimh shealadacha Mheánscoil na Toirbhirte, agus do dhíon na bunscoile. Bhí spéis ar leith agam sa leabhar a fuaireas le léamh. An lá roimh ré bhíos ag iarraidh tús a chur le léacht a bheidh á thabhairt  agam ag Léachtaí Cholm Cille sa Díseart 11-12 Aibreán 2014. Bhíos ag cur síos ar an gcabhair a fuaireamar ón Dr. Eoin Mac Tiarnáin chun Bíobla aon Leabhair a sholáthar nuair a bhí gach leabhar agus aonad den Bhíobla iomlán de réir ár dtraidisiúin féin, aistrithe agus foilsithe. Mheasas go raibh go leor déanta agamsa, agus nach mé ba cheart a bheith ina eagarthóir ar an mBíobla aon Leabhair. Bhí aithne mhaith ar Eoin Mac Tiarnáin a fud na hÉireann mar dhuine a bhí ag caitheamh a shaoil agus a dhúthrachta ar son na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh. Nuair a bronnadh an gradam Cairdinéal ar Thomás Ó Fiaich, d’eagraigh sé ócáid ómóis dó sa Dánlann Náisiúnta. Fuaireas cuireadh ansiúd. Le linn na hócáide bhronn Eoin $10,000 ar son na hInstitiúide Gael-Mheiriceánach Cultúir a bhí bunaithe aige féin ar an gCairdinéal Ó Fiaich le Bíobla aon Leabhair a sholáthar. Ghlac an Cairdinéal leis an tseic. D’fhéach sé im’ threo. Ghlaoigh aníos orm. ‘Duitse, é sin’ ar sé ‘agus ar aghaidh leat.’ ‘Beidh sé agaibh faoi chionn trí bliana, le cúnamh Dé’ arsa mise agus bhí laistigh de seacht mí fichead.’ Bhí an leabhar léite agam faoi mhaidean Dé Céadaoin; scéal beatha agus éachtaí Eoin Mhic Tiarnáin. Táinig Seán, mac iníne Eoin, Deirdre, údar an leabhair ar mo thuairisc sular fhágadar an Daingean agus is iad a thug mé chun coinne le mo chroíólaí i dTrá Lí nuair a theip orm aon tiománaí eile a fháil. Beidh tagairt agam do na Tiarnánaigh nuair a bhead ag iarraidh léacht, nó caint de shórt éigin a thabhairt ar mo aistriúchán ar Shoiscéal Eoin le linn na Léachtaí 11-12 Aibreán. ‘Cartlann an Athar Peadar agus Cuid dá mbaineann leis’ ábhar na Léachtaí, an cúigiú sraith is daichead de na léachtaí céanna. 

Níor chuir éinne spéis sa tairiscint a thugas mo Halla féin a chur ar fáil mar láthair shóisialta d’aosánaigh na dúiche. Tá sé gafa anois ag Project 10. Breis eolais Mike 087 9400994 agus Margaret 085 1611878

News from the Díseart

In spite of the bad weather, the flu and cold, we are surviving and advancing on many fronts. Our Family Tree Garden is developing wonderfully and we hope to be able to provide planting space for those who are on our waiting list soon. We have an ambitious plan for the second garden, with the guidance of Mary Reynolds and under the care of our garden staff who are now expert in what maintaining the gardens entails. We have a gap in our surrounding wall to repair. The garden itself will be a prayer garden and will include among its wonders a maze. Let us hope that the summer will bring appropriate weather for this exciting development. Ella Yates has now completed her tour of Europe and the Far East. She has had a most successful visit to Cebu and Negros in the Phillipines. She is now with the Irish Presentation Sisters in Wellington Australia. She wants to have the tunnell ready as her studio, her teaching space, and her gallery.  She seems to be able to make things happen. She has made Nano Nagle known to thousands of young artists wherever she goes. Please pray for her to arrive safely home in Dingle in due course. If you wish to have a peep at her blog just call to my office. An Sagart has a full schedule of publications in 2014. 

Read 1549 times

Add your Classified Ad

Accommodation or Business