Tá an aimsir chruaidh agus an ghaoth ag dógh an fhéir rud a fhágfaidh go mbeidh fás féir mall. Bhí an bhliain anuiridh go diail ach anois an é atá in ndán dúinn ná samhraí breatha agus geimhrí stoirmúila. I ndeire an scéil tá súil againn ná luífigh an bhliain ró-dhian ar lucht soláthar an bhainne. Caithfear na cúraimí seo a fhágaiant fé éirim agus dea-bhainistíocht fheirmeoirí agus níos mó an san fé Dhia.
Tá an lá ag dul i bhfaid agus an saol ag súil leis an lá fada agus bogadh ar an saol. Ní fada ná go mbeidh na héanlaithe ar a gcroí díchill ag cóiriú neide dóibh féin.
Rómhainn atá
Fé láthair tá gasraí ar fuaid na Gaeltachta i mbun oibre ag iarraidh plean tárrthála a chur in eagar a chinnteóidh go mairfidh an Ghaolainn sna ceantair Gaeltachta. Caithfear moladh a thabhairt dóibh siúd atá i mbun oibre, ach tá sé tuartha mura n-éiríonn leis an bplean a thógfaidh dhá bhliain le cur le chéile ná beidh aon aitheantas Ghaeltachta sna háiteanna ná fuil an bheart cuí déanta. Cinnte bhí agus tá an aigne ann ná caithfí aon cheantar as an nGaeltacht ach tá fuar ag an aigne sin anois.Tá slata tómhais le bheith curtha i bhfeidhm i ndiaidh na bpleananna seo agus seacht éigin blianta go hiomlán tugtha le go mbeadh an Ghaeltacht seo againne mar shampla ar thalamh slán. Tá beartais dhiamhaire déanta le blianta beaga agus iad scaoilte tharainn againn i dtreó go dtuigfí dhuit gur í an aigne atá ag lucht na gcinnithe ná deiníg nó fágaígh i bhfúr ndiaidh é. Sin a thárlóidh sa háiteanna ná bíonn sprioc mhaith curtha i gcrích. Glanfar agus ní bheidh aon tacaíocht chomh mór is atá do lucht diúltaithe íoc as uisce. Mheasfá nuair atá scoileanna lán Ghaeilge ag fás ar fuaid na tíre thuaidh agus theas go mbeadh san mar chómhartha spreagtha ag muintir na Gaeltachta. N’fheadar é. Ach is mó cos a chuireann an chinniúint fúithi.
Poilitíocht
Bí ag súil le geallúintí agus dea-mhéin as seo go tosach na bliana seo chugainn, nuair a bheidh ollthogchán ar an dtáirsigh againn. Ta páirc na poilitíochta mar páirc an áir fé láthair agus é a thuar ná beidh an chumhacht chaoi ag aon pháirtí le rialtas a bhunú. San am chéanna tá páirtithe nua ar tí éirí as luath na troda agus a gcosa féin a chur fútha go láidir. Is dócha gur as an meascán is gnáthaí a faightear freagra. Ach ná bí ag súil leis an mhíorúilt sin. Mar a dúirt beidh gach dream anois ag braith ar na meáin le iad a thártháil. Bhí tráth ann is é an pobal féin a dheineadh a mbreith, ach tá beagán dos na meáin a dheargaíonn conair na maitheasa do dhream éigin. ‘Ná feaca sna pháipéir é,’ a déarfar leat. Mo ghraidhn do cheann.
CLG
Ní hí an phoilitíocht ná an aimsir a chuireann mearbhall ar scata daoine dar liom. Bhíos ag éisteacht le daoine i dtithe óil á chur in úil ‘cathain a thiocfaidh saesúr na caide is na hiománaíochta’. Bíonn siad ag gearán go bhfuil a gcluasa bodhar agus a súile caoch ag cúrsaí spóirt ár gcomharsain. ‘Comhlachtaí ag díol agus ag ceannach imreoirí mar a deintí le sclábhaithe fadó agus an lá leo siúd go mbíonn na sclábaithe is fearr acu,’ arsa fear amháin. ‘Níl ann,’ arsa fear eile, ach cur i gcéill ag daoine ná feadair a mhalairt’. N’fheadar fé sin ach is dócha go mbeidh imreoirí agus bainisteoirí caide agus iomána ag cur a gcosa fuatha sara i bhfad. Ná fuil sé in am na príomh chluichí ar fad, fir agus mhná a bheith curtha dínn againn fé Mhean Fhómhair. Is baolach go mbíonn ar na clubanna, cuisle na cumhachta, cuid mhaith dá saesúr a chaitheamh ag lapadáil i bpluda an gheimhridh. Ba cheart sos iomlán a bheith ag gach imreoir ar feadh dhá mhí. Is imreoirí aimitéireach iad. Is minic é seo cloiste agat agus is mó imreoir contae ná bíonn aon tor acu ar chluichí a gclub, rud a bhíonn siar amach ar a bpaidrín. Is dócha gur aragóintí mhadra na n-ocht gcos é seo, mar sin, bí ag súil le a thuilleadh.
File
Sheol an file aitheanta Pádraig de Buis leabhar filíochta, ‘Fé sholas Luaineach’ do chuid Shimón Uí Faoláin sa Lab ar an Satharn seo caite. Fiú is más leabhar é ar bheagán leathanach tá an- théagar sna dánta. Is léir go bhfuil sár thuiscint ag Simon ar an bhfilíocht agus gur sár cheardaí é ar ithir na filíochta. ‘Is seandalaí é Simon’, arsa Pádraig go bhfuil tochailt doimhin sa tsamhlaíocht agus san intinn déanta aige agus é i mbun cumadóíreachta. Bhí blaistíní bia ar fáil agus sár ceol againn ó Mark Crickard. Ócáid thaithneamhach. Siad Coiscéim a chuir i gcló agus níl air ach €7.50.